IMBOLC, Féile Idirnáisiúnta na nEalaíon


Is seanfhéile Cheilteach í Imbolc ach tá beocht as an nua ann i gCathair Dhoire, áit a bhfuil an t-ainm á thabhairt ar Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon le cúig bliana anuas.

Tá IMBOLC faoi lán seoil anois i gCeathrú Chultúrtha na cathrach agus tugann sé deis d'ealaíontóirí teacht le chéile chun a gcuid ceoil, damhsa, ealaíon agus tionscadail chruthaitheacha éagsúla a chur os comhair an phobail.

Is ceiliúradh í an fhéile seo ar chúrsaí ealaíne agus cultúrtha ó fud fad an domhain agus is cinnte go bhfuil rud éigin ar fáil do gach duine idir óg agus aosta.

Chuaigh Meon Eile go Cultúrlann Uí Chanáin, áit a mbeidh lear mór d'imeachtaí na féile ar siúl, chun labhairt le lucht na féile agus le muintir na háite faoin fhéile spleodrach seo.

Ritheann IMBOLC 2020 go dtí an 9ú Feabhra agus thig tuilleadh eolais a fháil ar chlár na féile anseo.

Close
Close