Dídean le hEoin Mac Lochlainn á sheoladh i mBéal Feirste

Dídean le hEoin Mac Lochlainn á sheoladh i mBéal Feirste

Rugadh Eoin Mac Lochlainn i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil cónaí air faoi láthair. Tá sé ag obair mar ealaíontóir anois ó 1991. Bhain sé céim amach ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha sa bhliain 2000. Seoladh taispeántas ealaíne leis le déanaí i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. ‘Dídean’ is ainm don taispeántas agus daoine gan dídean mar théama aige. Faigheann Eoin a chuid inspioráide ó dhaoine a fheiceann sé agus iad i gcruachas. Tá spéis ag Eoin sa scéal taobh thiar den ealaín. Dar leis go mbíonn pictiúir le feiceáil sna meáin de dhaoine agus iad i gcruachas go minic ach déanann daoine dearmad orthu an lá dár gcionn mar go mbíonn pictiúir nua á bhfoilsiú an t-am ar fad. Theastaigh ó Eoin díriú isteach ar roinnt de na daoine seo. Díríonn an taispeántas orthu sin gan dídean ach is deis é freisin do dhaoine machnamh a dhéanamh ar an áthas a thagann le dídean. Bhí Meon Eile i láthair do sheoladh Dídean. Tá tuilleadh eolais faoi Eoin le fáil anseo

Dídean le Eoin Mac Lochlainn á sheoladh i mBéal Feirste / Sarah de Búrca
Close
Close