Comóradh an Chreagáin

Bhí ceiliúradh ar leith ar siúl in Eaglais na hÉireann ar an Chreagán, i ndeisceart Ard Mhacha, ar na mallaibh, seanséipéal agus reilig a bhfuil stair agus scéalta an cheantair fite fuaite ann.

Tharla sé go raibh trí chloch mhíle le ceiliúradh, is iad sin: 50 bliain ó aimsíodh tuama Uí Néill, céad bliain ó rugadh an Cairdinéal Tómas Ó Fiaich, agus comóradh 250 bliain bhás Airt Mhic Chumhaigh, file clúiteach as an dúiche.

Rinneadh ceiliúradh ar an cheantar fríd an cheol, amhráin, dánta agus scéalta, agus is oíche fhíorspeisialta a bhí ann. Bhí an lucht féachana i gcuideachta daoine a bhí le trí ghlúin: an staraí áitiúil Úna Walsh, gaol Úna agus fidléir óg Aodh Mac Murchaidh, agus an t-amhránaí ar an sean-nós, Bláithín Mhic Cána.

Is é Gaelphobal Ard Mhacha Theas a chuir an ócáid ar siúl, le tacaíocht ón Rural Health Partnership agus an National Lottery Heritage Fund. 

Close
Close