Comóradh an chreidimh cois cuain

1784

Rinne daltaí Choláiste Feirste athachtú ar an lá a osclaíodh Eaglais Naomh Muire i mBéal Feirste sa bhliain 1784. Bhí Eaglais Naomh Muire ar an chéad eaglais Chaitliceach a tógadh sa chathair ó thréimhse na bpéindlíthe.

Tháinig na heaglaisí Protasúnacha sa chathair agus Óglaigh Bhéal Feirste i gcabhair ar an Athair Aodh Ó Domhnaill agus é ag lorg suímh dá chuallacht in 1784. Bhailigh craobh Óglach Bhéal Feirste airgead leis an eaglais a thógáil.

Rinne na daltaí athachtú ar an gharda ónóra a thug Óglaigh Bhéal Feirste don Ath Aodh Ó Domhnaill agus é ar a bhealach chun an chéad aifreann a léamh i dTeach Pobail Naomh Muire 230 bliain ó shin.

Ba ghrúpa míleata féin-rialaithe iad óglaigh na linne sin. Bunaíodh iad sa bhliain 1778 mar fhórsa cosanta i gcoinne na Fraince le linn d’arm na Breataine a bheith ag troid i gcogadh Shaoirse Mheiriceá.

I mBéal Feirste, chuir sciar mór de na hÓglaigh suim i neamhspleáchas na hÉireann agus chuaigh siad sna hÉireannaigh Aontaithe, iad ag tacú go tréan le bunú Poblachta in Éirinn faoi dheireadh an ochtú aois déag.

Tá Eaglais Naomh Muire fós ag seasamh an fhóid agus é ar na tithe pobail is fadbhunaithe i mBéal Feirste.

Close
Close