Ceardlann Crosóg Bhríde i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich

Lá Fheile Bríde a bhí ann inné agus cuireadh tús le clár Imbolc Chultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Le séasúr nua an Earraigh a thabhairt isteach, bhí ceardlann ar siúl inar teagascadh an dóigh le crosóga Bhríde a dhéanamh. Ar dtús, tháinig daltaí ó na bunscoileanna áitiúla isteach agus rinneadh neart crosóga galánta. Ansin, bhí rang oscailte do dhaoine fásta sa phobal, agus is é Cormac Ó Donnghaile a bhí ina mbun ar fad.

Labhair Meon Eile le Cormac agus d’inis sé dúinn faoin tábhacht phearsanta atá ag na crosóga dó féin agus faoi stair na féile fosta. Labhair muid le daltaí bunscoile faoi na rudaí a d’fhoghlaim siad faoi Naomh Bríd agus d’inis Sinéad Nic Colaim ón Chultúrlann dúinn faoin réimse leathán imeachtaí a bheas ar siúl acu go luath mar chuid den chlár.

Close
Close