Buíon Cheoil Druma Mór Rann na Feirste ag comóradh 40 bliain ar an fhód

Rann na Feirste. Baile beag i nGaeltacht Thír Chonaill agus baile a bhfuil an ceol go smior ann.

Bhí traidisiún an cheoil i gcónaí láidir i Rann na Feirste agus i mbliana tá siad ag ceilúradh na hoidreachta sin agus an bhuíon cheoil ‘An Druma Mór’ ag comóradh 40 bliain ar an fhód.

‘An Druma Mór’ Rann na Feirste ag comóradh 40 bliain

Ba iad Aodh Ó Dochartaigh agus Mícheál Ó Gallachóir an bheirt fhear a bhí ag comhrá le chéile sa teach tábhairne i Mín na Leice Oíche Fhéile Pádraig 1976 agus iad ag meas gur chóir buíon cheoil dá gcuid féin a bhunadh i Rann na Feirste.

Sna seachtainí a lean, labhair siad lena gcomhghleacaithe fá na smaointe agus thoiligh siad uilig tacú leo. Tionóladh cruinniú i gColáiste Bhríde go gearr ina dhiaidh sin, ina raibh thart fá scór duine i láthair. Moladh ag an chruinniú sin an banna a chur ar bun lom láithreach le bheith ag feidhmiú ar ócáid mhór a bhí ag tarlú i mí an Mheithimh – ceiliúradh Iubhaile Órga na Coláiste.

Cuireadh Éamonn Ó Gallachóir (Mhéidí) agus Antoin Mac Ruairí (Néidí Mhicí) a theagasc na bportanna dóibh ar na fliútanna. Bhí Daniel Ó Gallachóir (Éamonn Mhéidí) ina dhrumadóir i mBuíon Cheoil na Scoile agus is eisean a cuireadh i mbun foghlama na ndrumaí. Bhí seisean sa dá bhuíon mar a tharla sé. Fuarthas Dominic Mac Eiteagain as na Dúchoraidh níos moille le teagasc ar an druma mór.

Is iad seo na baill a bhí páirteach sa bhuíon cheoil ón tús:

Éamonn Ó Gallachóir

Séamus Ó Dochartaigh

Séan Ó Domhnaill (John Anne)

Dónal Ó Domhnaill (Rua)

Aodh Ó Dochartaigh

Éamonn Ó Gallachóir (Mhéidí)

Antoin Mac Ruairí (Neidí Mhicí)

Cathal Mac Grianna (Ghracie)

Seán Mac Gairbheith (Húidí)

Seosamh Mac Grianna (Mhicí Jimmy)

Mícheál Mac Grianna (Ghracie)

Séan Gallachóir (Mhéidí)

Mícheál Ó Gallachóir (Mary Mhicí)

Proinsias Mac Grianna (Mhaighréide)

Pól Ó Searcaigh

Liam Ó Braoináin

Pádraig Óg Ó Duibheannaigh (flag)

Séamus Ó Domhnaill (Jimmy Bán)

Aodh Óg Ó Duibheannaigh

Mícheál Mac Giolla Bhríde (Nancy)

Vincie Shíle Ó Domhnaill

Mairtín Ó Gallachóir (Mhary Mhicí)

Seán Seosaimh Ó Domhnaill

John Chónaill Mac Giolla Bhríde

Pádraig Ó Domhnaill (Patsy Anne)

Ag amharc mar sin ar an fheabhas a tháinig ar an bhuíon seo thar scór bliain agus na torthaí a fuair siad is fíor a rá gur de thairbhe báinistíocht mhaith é a bheith i ríocht. Bhí beirt seinnteoirí fliút mar bhaill ó bunaíodh iad agus bhí siad páirteach i mbannaí ceoil sna caogáidí chomh maith. Ba iad seo Aodh Ó Dochartaigh agus Dónal Rua Ó Domhnaill.

Ghlac siadsan cúram ar an aos óg agus thug siad treoir dóibh fanacht le chéile ag cleachtadh ardchaighdéain ceoil, agus a bheith bródúil as na mór-dhuaiseanna a bronnadh orthu thar na blianta sin. Is cinnte gur trí shaothar na beirte seo a ba chúis lena gcáil.

Close
Close