‘British? Irish? Either? Neither?’ - taispeántas grianghrafadóireachta seolta

Seoladh taispeántas grianghrafadóireachta leis an ealaíontóir Iollann Ó Murchú i ndánlann Belfast Exposed ar na mallaibh.

Tarraingíonn Scéal Scéal Eile’ an t-ainm atá ar an taispeántas agus is mar chuid den chlár ‘British? Irish? Either? Neither?’ atá sé á chur i láthair. Tá an clár imeachtaí eagraithe ag an Oifig um Fhéiniúlacht agus Léiriú Cultúrtha.

Tharla seoladh Tarraingíonn Scéal Scéal Eile’ ar ‘ theanga agus chultúr na nGael agus ba é an Coimisinéir Gaeilge, an Dr. Pól Deeds, a sheol é. Labhair sé linn faoin nasc láidir atá ann idir an Ghaeilge, na healaíona agus an dúlra.

Labhair muid fosta le Máirín Hurndall, a dfhreastail ar an imeacht. Bhain sí an-sult as an lá agus as na comhráite suimiúla a bhí aici le daoine ó chúlraí éagsúla.

Beidh imeachtaí eile ag titim amach in Belfast Exposed mar chuid den chlár BIEN, a dhéanann ceiliúradh agus plé ar na cultúir éagsúla atá mar chuid den tsochaí anseo sa Tuaisceart. 

Close
Close