Breis agus 300 duine a ghlac páirt sa chéad siúlóid 'I dTreo an tSolais' i nGaoth Dobhair

Ghlac na mílte duine páirt i siúlóidí 'Darkness into Light' ag an deireadh seachtaine.

Siúlóidí iad seo a eagraítear roimh éirí na gréine ar mhaithe le 'Pieta House' chun feasacht a ardú faoi na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil do dhaoine atá ag déanamh dochar dóibh féin nó atá ag smaoineamh ar an fhéinmharú.

Ba in Éirinn a thosaigh an coincheap agus i mbliana shiúil breis agus 200,000 duine sna hócáidí éagsúla ar fud an domhain.

Chinn Éamonn (Bobo) Mac Aoidh, de bhunadh Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill, 'Darkness into Light' a thabhairt go Gaoth Dobhair i mbliana don chéad uair i ndiaidh gur chuir a chol ceathrair lámh ina bhás féin anuraidh.

300 duine a shiúil ón dorchadas i dtreo an tsolais i nGaoth Dobhair ag an deireadh seachtaine agus shiúil muid leo...

Close
Close