Cuireadh mórócáid ar siúl i Halla na Cathrach, Béal Feirste, oíche Dé hAoine le 20 bliain ó bronnadh ceadúnas Ofcom ar Raidió Fáilte a cheiliúradh.
Bhí ionadaíocht ó réimse leathan de ghnólachtaí agus eagraíochtaí i láthair ar an oíche, agus chuala a raibh ann ó Ard-Mhéara Bhéal Feirste, Róis-Máire Donnelly, ó Stiúrthóir Ofcom Thuaisceart Éireann, Jonathan Rose, ó Rónán Ó Domhnaill atá ina Choimisinéir um Fhorbairt na Meán le Coimisún na Meán ó dheas, agus ó Choimisinéir na Gaeilge ó thuaidh, Pól Deeds.
Bhí Dónall Mac Giolla Chóill agus Caoimhe Ní Chathail mar fhear agus bhean an tí don oíche, agus bhí scoth an cheoil le cluinstin ó Chlann Mhic Ruairí agus ó Bréag i ndiaidh an bhéile.
Chomóir Raidió Fáilte a 40ú bliain ar an fhód anuraidh, ach ón uair ar bunaíodh é faoin ainm ‘Raidió Feirste’ in 1985 go dtí gur bronnadh an ceadúnas air i mí Mheán Fómhair 2006, bhí an stáisiún ag feidhmiú mar stáisiún bradach le seirbhís raidió trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do mhuintir Bhéal Feirste.
Chuala muid ó Fhergus Ó hÍr, iar-Bhainisteoir Raidió Fáilte, agus ó Mháire Nic Fhionnachtaigh, iar-Bhainisteoir Airgeadais agus Riaracháin, faoin tionchar a bhí ag an cheadúnas ar fhorbairt agus cur chuige an stáisiúin ó 2006 ar aghaidh. Lena chois sin labhair muid le bainisteoir reatha an stáisiúin, Cillian Breatnach, a phléigh cúis an cheilúrtha linn agus a mhol obair Fhergus agus Mháire agus an ceadúnas á iarradh ag Raidió Fáilte.


