Tearmann dúlra Uíbh Eachach ag dul ó neart go neart

Tá an-obair curtha isteach i mbliana ag pobal Ionad Uíbh Eachach lena dtearmann dúlra a ghlanadh, a thógáil, a chur chun cinn agus a roinnt leis an phobal. 

Is ionad cultúrtha, pobail agus cúraim lae é Ionad Uíbh Eachach atá suite lámh le Gaelscoil na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste. Lonnaithe taobh thiar de Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, tá an t-ionad agus tearmann i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta.  

In ainneoin gur i gceantar gníomhach gnóthach atá sé suite, ní shílfeá sin agus tú sa tearmann dúlra. Is spás thar a bheith suaimhneach agus socair é. 

Tá neart oibre curtha isteach ag meitheal oibre an ionaid chun an spás a fhás agus a fhorbairt. Thug Meon Eile cuairt ar an áit ar na mallaibh agus iad ag déanamh obair leanúnach, ag fás torthaí agus glasraí, ag tabhairt aire do na plandaí agus ag teacht le chéile le haghaidh comhluadar trí Ghaeilge. Beidh an spás dúlra ina áis iontach don fhoghlaim faoin timpeallacht thart orainn fosta, go háirithe do Ghaelscoil na bhFál agus Coláiste Feirste atá sa chomharsanacht. 

Tá fáilte roimh dhuine ar bith teacht agus lámh chuidithe a thabhairt agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a labhairt le meascán daoine. Dá mba mhaith leat a bheith páirteach san obair seo, téigh i dteagmháil le [email protected]

Close
Close