Lá na Palaistíne ag Féile an Phobail 2026

Bhí Coláiste Ollscoile Naomh Muire in Iarthar Bhéal Feirste plódaithe ar na mallaibh agus  ‘Lá ar son na Palaistíne’ mar chuid d’Fhéile an Phobail. 

Bhí réimse leathan imeachtaí ar siúl le linn an lae: caint le heagarthóir bainistíochta an ‘Palestine Chronicle’, Romana Rubeo, taispeántas scannáin agus séisiún ceisteanna ‘From Gaza We Speak’, comhrá leis an chumadóir, aistritheoir agus údar, Wieland Hoban, seoladh an leabhair ‘Before the Flood’ le Ramzy Baroud, sin agus lón Palaistíneach do gach duine a bhí ag freastal ar an lá. 

Eagraíodh an ócáid thábhachtach seo in éineacht le Trade Union Friends of Palestine agus I.P.S.C Belfast.

Close
Close