Bíonn siúlach scéalach

Woofáil
Woofáil

Conall Ó Máirtín

Sular thosaigh mé amach ar camchuairt thart ar an Eoraip níor chuala mé tada faoin eagaraíocht ‘WWOOF’ agus nuair a chéad luaíodh an coincheap ‘Woofáil’ liom ní raibh barúil agam cad é a bhí i gceist.

Seasann an t-acrainm ‘wWoof’ do ‘World Wide Opportunities on Organic Farms’ agus tugann sé deiseanna do dhaoine, idir óg agus aosta, atá ag taisteal scileanna s’acu, nó easpa scileanna i gcásanna áirithe, a mhalartú ar fheirmeacha orgánacha faoi choinne bia agus lóistín.

Chuaigh mé féin agus mo chomhghleacaí, cailín réamhaisnéis aimsire TG4 Mairéad Ní Chuaig, thart ar an Eoraip ag baint úsáide as ‘WWOOF’ mar mhodh taisteal mar chuid de shraith úr ar TG4 darb ainm ‘Woofáil’.

Tá níos mó ná sé chead feirmeacha ar fud an Domhain cláraithe leis an eagraíocht ‘WWOOF’ agus mar sin bhí an oiread roghanna againne mar thaistealaithe go raibh sé deacair áit a roghnú le tús a chur lenár dturas.

Thosaigh muid amach ag stopadh in éicealóistín i gCo. Shligigh, áit ina bhfuil foirgneamh tógtha i gcruth tuama neoiliteach ag fear áitiúil Colm Stapleton.

Ag an tús bhí sé deacair ar an bheirt againn tuiscint a fháil ar cad é an rud é ‘woofáil’ agus fán dóigh le tabhairt faoi mar is gceart. Bíonn na hóstaigh ag dúil le go mbeidh tú abálta scileanna s’agat féin a úsáid le tionscadal a thósnú nó a chríochnú.

Agus muid ag stopadh sa ‘Gyreum’ thug mé féin agus Mairéad faoi theach na gcearc a thógáil, tuirbín gaoithe a chur in airde agus ar ndóigh mar a tharlaíonn ar na feirmeacha ar fad glasraí a bhaint agus béiltí a ullmhú.]

Ceann de na heachtraí is mó a thaitín liom agus muid ag stopadh sa Gyreum ná lá a chaith muid ag deanamh ‘Sup’ nó ‘Stand Up Paddleboarding’.

Leis na cláir SUP rinne muid ár mbealach suas abhainn agus in áit bheith i gcontae Shligigh shílfeá go raibh tú san Amasóin.

Dúradh liom sular thósaigh muid amach go raibh ‘SUP’ cosúil le Zen, rud nár chreid mé, ach tá SUP ar cheann de na rudaí is fionnuaire gur féidir tabhairt faoi agus rud a ligeann duit an timpeallacht a fheiceáil ó amharcphointe go hiomlán difriúil.

Bhog muid ar aghaidh go Contae an Chabháin agus seachtain in lárionad Bhúdachais, Jampa Ling. Is anseo a d’fhoghlaim mé fán Bhúdachas ón Lama Rinpochet.

Tá scéal Rinpochet agus carachtar s’aige ar cheann de na rudaí is fearr fá Jampa Ling. Cé go mbíonn deis agat anseo macnamh a chleachtadh agus glasraí a bhaint is é an t-am a chaitheann tú anseo le Rinpochet agus na daoine eile a chónaíonn ann agus a thagann ar cuairt go Jampa Ling an rud is fearr fán lárionad.

Lama atá sna hochtóidí is é Rinpochet a chaith séal i gcampa oibre de chuid arm na Síne agus a d’éalaigh. Rinne sé a bhealach trasna na Himiléithe go dtí gur bhain sé Éire amach agus faoi dheireadh rinne sé cónaí sa lárionad Bhúdachais taobh amuigh den Bhábhún Bhuí.

In Jampa Ling bhí tionscadal ar siúl acu le ‘Stuppa’ a thógáil agus ag imeacht ón lárionad ag deireadh na seachtaine is deas go bhfuil a fhios agat gur bhuail tú le daoine speisialta agus gur chuidigh tú le tionscadal atá iontach tábhachtach don chreideamh sin.

Le teacht an fhomhair mhothaigh mé féin agus Mairéad go raibh an ghrian de dhíth orainn agus ar aghaidh linn go dtí an Phortaingéil agus chuig feirm Monte de Cunca taobh amuigh de shráidbhaile Carrapateira.

Tá an fheirm seo lonnaithe san Algarve faoi stiúir Klaus agus tugann siad ‘Woofers Paradise’ ar an fheirm agus ní nach ionadh.

Cé go raibh cuid mhaith oibre anseo, ag tógáil teach tuí, teach cré agus an post is measa ag glanadh amach an leithreas nádúrtha, is féidir do scith a ligint ar chuid de na tránna is deise san Algarve.

In Monte de Cunca tá riail amháin atá tabháchtach, má bhíonn na tonnta go maith, téann tú ag surfáil agus déanann tú an obair nuair atá tú réidh.

Nuair a chuala mé go raibh riail mar seo i bhfeidhm bhain mé iomlán buntáiste as agus tá sé soiléir cá chuige a dtéann daoine ag woofáil anseo agus cén fáth a bhfanann an oiread daoine ar Monte de Cunca go fadtéarmach.

Ó shaoirse agus sult in Monte de Cunca chuaigh an bheirt againn ar aghaidh chuig ceann de na feirmeacha is aistí agus is suimiúla sa tsraith, Los Portales i ndeisceart na Spáinne.

Ón tsurfáil agus ón ghrian chaith muid seachtain le pobal druidte, pobal a chreideann i gcumhact na mbrionglóidí.

Feirm ghabhair is é Los Portales a bunaíodh ag síceolaí a bhí ag obair faoi Freud.

Thosaigh an pobal seo amach sa Bheilg go dtí gur cheannaigh siad 200 acra talaimh sa Spáinn. Bhí daoine mar chuid den phobal seo nár imigh ón fheirm le tríocha bliain.

Chuaigh na páistí ar scoil ar an fheirm agus cé gur dúradh linn go raibh muid saor le himeacht ón áit, níor chuidigh na geataí a bhí faoi ghlas san oíche liom bheith ar mo shuaimhneas.

Phós daoine sa phobal seo baill eile den phobal agus cé gur imigh na fír amach ag obair i Maidrid, bhí cónaí orthu ansin i bhfoirgneamh eile de chuid an phobail. Tharla sé go raibh bainis ann agus muid ag stopadh in Los Portales agus bhí an ócáid seo ar cheann de na hócáidí is aistí ar a raibh mé ariamh i mo shaol.

Leis an ghrian ag dul faoi bhog muid go Críoch Lochlann agus feirm Fiddlersgaarten le capaillíní Íoslannacha agus lenár n-óstaigh Life agus Ninni.

Bhí béim anseo ar cheol tradisiúnta na Sualainne agus chuaigh muid isteach chuig scoileanna anseo le cuidiú le Life agus Ninni na seanamhráin, damhsaí agus cultúr na Sualainne a thabhairt do chéad ghlúin eile na tíre.

Bhí an oiread cosúlachtaí anseo lenár dtír féin gur mhothaigh sé go raibh muid sa Ghaeltacht in áit na Sulainne.

Tá a fhios ag an domhan mhór go bhfuil dúil ag muintir na Sualainne sna tithe allais agus rith sé liom agus mé anseo go mbeadh sé drochmhúinte againne gan triail a bhaint astu. Níor dúradh liomsa roimh ré gur tithe allais nochta a bhí iontu!

Chríochnaigh ár dtaisteal taobh amuigh den Eoraip nuair a thug muid faoi thuaisceart na hAifrice agus Marrakech i Maracó, áit inar stop muid ar fheirm ológ.

Ba le lánúin ó Stáit Aontaithe Mheiriceá an fheirm ‘Peacocks Pavillions’. Feirm ológ atá ann mar aon le hóstán búitíc agus in áit bheith inár gcoladh i bpuball, i scioból nó i gcarbhán le críoch a chur leis an sluaíocht, bhí Peacocks Pavillions mar ghiota de na flaithis, le hárasán galánta idir an bheirt againn.

Aimsir baint na n-ológ a bhí ann agus thug mé faoi óla olóige a dhéanamh anseo. Tá dáthanna, bolaithe, bia agus fuaimeanna Mharacó mar a bheadh ionsaí ar na céadfaí ann agus níl áit níos fearr chun seo a mhothú ná sa Medina i Marrekech san oíche.

Tá an áit seo cosúil le seit as scannán James Bond. Bíonn fir ag siúl thart le moncaithe, fir ag ithe gloine, mná ag cócaireacht intinn ghabhair, túis trí thine agus radharcanna ildaite achan áit.

Spreag an turas deireannach seo suim níos leithne ionam i dtuaisceart na hAifrice, na daoine, an creideamh agus cultúr s’acu agus má tá mé chun moladh ar bith a thabhairt d’áit, is é an moladh is fearr gur féidir a thabhairt do Mharacó ná na dtig liom fánacht le dul ar ais ann arís.

Is modh taistil iontach é woofáil má tá tú ag smaoineadh ar imeacht ón tír, mar atá cuid mhaith daoine na laetha seo.

Ceann de na rudaí is fearr faoi ná go bhfuil sé iontach saor agus ní chosnaíonn sé móran airgid duit.

Níl i gceist ach costais an taistil chuig an feirmeacha. Faigheann tú bia agus lóistín ar son ceithre nó cúig uair a chloig a dhéanamh in aghaidh na seachtaine. Foghlaimíonn tú scileanna úra ar na feirmeacha seo agus domhsa mhothaigh mé gur dóigh iontach í chun aithne a chur ar chultúr eile.

Tá i bhfad níos mó deiseanna agus tú ag taisteal ar an dóigh seo aithne mar is ceart a chur ar an tír agus an ceantar ina mbíonn tú ag stopadh ann.

Ach gan dabht an rud is fearr fá bheith ag woofáil ná na daoine lena mbuaileann tú agus cónaí ort ar na feirmeacha. Buailfidh tú le carachtair, daoine suimiúla, daoine ar lorg faoisimh agus daoine atá sa tóir ar shaol eile agus eispéiris éagsúla agus difriúla má roghnaíonn tú dul ag woofáil. B’fhiú go mór é!

Tá ‘Woofáil’ ag dul amach ar TG4 faoi láthair gach Déardaoin ar 10in.

Close
Close