Albam úr Jack Warnock ar na bacáin

Beidh albam úr de chuid an cheoltóra óig Jack Warnock ag teacht amach ag deireadh na míosa seo. 

'Le Solas Faoithine' an t-ainm atá ar an albam, ainm a tháinig chun cinn agus Jack ag amharc ar luí na gréine gach lá le linn na dianghlasála. 

Seolfar an t-albam ar an 29 Meán Fómhair in Amharclann an Marketplace in Ard Mhacha. Beidh deiseanna eile ann Jack a fheiceáil ag seoladh an albaim sa Chultúrlann i nDoire, ag an Choire i gCarn Tóchair agus in Ionad an Duncairn i mBéal Feirste. 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin albam agus faoi cheol Jack ar a shuíomh idirlín nó ar a leathanach Facebook Jack Warnock Music.

Close
Close