Aisling Ghéar ag ceiliúradh 25 bliana ar an fhód ach deireadh curtha le maoiniú tábhachtach

Rinne an t-aon chomhlacht drámaíochta lán-Ghaeilge ó thuaidh, Aisling Ghéar, ceiliúradh ar 25 bliana a bhunaithe an tseachtain seo caite sa Chultúrlann i mBéal Feirste.

Bhuail Meon Eile isteach chuig an ócáid le labhairt le Bríd Ó Gallchóir agus Gearóid Ó Cairealláin, stiúrthóir ealaíon agus bunaitheoir an chompántais.

Agus Aisling Ghéar ag ceiliúradh 25 bliana ar an fhód, bhris an scéal gur gearradh an maoiniú a fhaigheann an comhlacht ón Chomhairle Ealaíon, maoiniú a chuidíonn go mór chun drámaí a chur ar ardán agus an compántas a choinneáil ag imeacht ó lá go lá. 

Ábhar imní é an gearradh siar ar an mhaoiniú ach tá Bríd lán dóchais agus, mar a deir sí féin, ní luífidh siad síos.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi obair Aisling Ghéar anseo.

Close
Close