Uisce faoi thalamh Dominic Cummings

Ciarán Ó Pronntaigh

Is annamh a fhaighimid an seans éisteacht le duine mór le rá sa rialtas ag gabháil leithscéil. Agus sin an rud nach bhfuair muid le Dominic Cummings, príomhchomhairleoir Boris Johnson, an tseachtain seo a chuaigh thart. Bhí tráchtairí den bharúil go mbeadh iarracht éigin den umhlaíocht ann, go n-admhódh Cummings gur meancóg a bhí ann an turas ó Londain go Durham a dhéanamh i lár na paindéime. Ach focal aithreachais níor chuala muid.

Bhí cúis mhaith lena leithéid. Bhí an rí-rá sa phreas ag dul in olcas, bhí an tacaíocht mhór a thug Johnson isteach go Sráid Downing ag trá níos gasta ná an taoide ag imeacht as Machaire Gathlán. Ach sheas Cummings an fód agus níor admhaigh sé a dhath. Bhí gach rud a rinne sé réasúnta agus dhéanfadh athair ar bith an rud céanna dá mbeadh cúram leanaí de dhíth ar a pháiste. Agus an turas go Caisleán Barnard? Tástáil ar a shúile le cinnte a dhéanamh de go raibh sé in inmhe an carr a thiomáint ar ais go Londain. Seo tástáil a rinne sé lena bhean chéile agus a pháiste sa charr, ar ndóigh. Agus dearmad déanta aige de mhionsonraí ciotacha eile.

Níl an dianghlasáil ar dhóigh ar bith cothrom, is troime a thiteann sí ar dhaoine óga agus daoine leochaileacha, mar shampla. Níl aon seans ag an bhomaite ag daoine óga post a fháil ná aon saol sóisialta a bheith acu. Maidir le daoine leochaileacha, chí Dia muid, ach is truacánta amach an t-ualach a cuireadh orthusan. Braighdeanas baile ar feadh na míonna gan aon léaró dóchais go mbeidh faoiseamh ann. Sa chomhthéacs sin, braitheann sláinte an phobail ar dhea-ghiumar an phobail agus muinín as na húdaráis. Chuir Cummings saol daoine i mbaol nuair a d’fhág sé Londain agus is cosúil gur cuma leis.

Cad é mar a fuair sé de chroí suí os comhar na gceamaraí agus a rá nach ndearna sé a dhath as cosán? Nach é seo an té is lárnaí i ngréasán cumhachta Westminster? Nach eisean a scríobh na rialacha? Ba é Cummings a chum na manaí ‘Get Brexit Done’ agus ‘Take Back Control’, manaí cliste simplí. Deirtear gurbh eisean a mhol frasaí trí-fhoclacha don rialtas don choróinvíreas chomh maith. ‘Wash your hands’ agus, íorónta go leor, ‘Stay at Home’.

Cad é a thug air an gheamaireacht seo a dhéanamh i rósgharraí Shráid Downing? Cad é a bhí le saothrú as an phreasócáid ina gcuirfí ceisteanna crua air? An raibh dóchas aige go síothlódh sé an scéal a bhí ag déanamh dochair ollmhór ní hamháin don rialtas ach don fheachtas i gcoinne an choróinvíris?

Ní dóigh liom gur amadán é Cummings. Is é corp an straitéisí pholaitiúil é; tá ionramháil an phobail go smior ann. Caithfidh go bhfuil cúis éigin eile taobh thiar den rud a chonaic muid. B’fhéidir gur cineál d’ionaclú a bhí ann do Boris Johnson; d’fhágfaí an milleán ar Cummings agus stopfadh sé ansin. Sin an teoiric, cibé.

B’fhéidir go mbeadh Cummings féin sásta go leor leis an straitéis sin. Bhí tuairisc ar an Spectator go mbeadh sé ag imeacht as a ról mar phríomhchomhairleoir don Phríomh-aire i gceann sé mhí. Agus seans go raibh bunús leis an scéal nó is eagarthóir coimisiúnaithe san iris í a bhean chéile. Dar leis an tuairisc, bheadh a chuid oibre maidir le Breatimeacht déanta, gheobhadh sé dúshlán nua, tír eile le baint as a chéile.

Ach bhí sprioc eile ag Cummings taobh amuigh de Bhreatimeacht. Níor chuir sé fiacail ann go raibh atheagrú na státseirbhíse le déanamh chomh maith. Dá mbeifeá ag iarraidh a bheith soiniciúil, thiocfadh leat a rá gurbh é an Breatimeacht an fheithicil inar thaistil Cummings leis an cheann scríbe eile a bhaint amach. An mbeadh sé sásta anois imeacht gan an réimeas nua sin a thabhairt isteach?

Rinne Cummings gortghlanadh nuair a tháinig sé i réim mar phríomhchomhairleoir Johnson. Eisean a cheap comhairleoirí na n-airí eile agus a thug bata agus bóthar do na daoine nach raibh sásta géilleadh don fhís atá aige. D’éirigh Sajid Javid as post an tSeansailéara ar cheist a chomhairleora. Tá comh-aireacht spochta ag Johnson anois. Níl aon ghuth ann atá sásta seasamh in éadan Cummings agus thug ceannairí sa pháirtí le fios gurb é an praghas le Cummings a choinneáil mar chomhairleoir guthanna eile a fháil isteach sa chomh-aireacht. Ach an bhfuil an bhagairt sin rómhall anois?

Beidh le feiceáil arbh í an phreasócáid faoin turas go Durham an chéad mheancóg a rinne Cummings nó an bhfuil an t-uisce faoi thalamh aige thar a bheith domhain.

Close
Close