Cloíonn neart ceart

Ciarán Ó Pronntaigh

Cén sórt domhain a bheas againn amach anseo? Domhan ina mbeidh na Stáit Aontaithe ina bpóilín idirnáisiúnta ag cur a gcuid rialacha i bhfeidhm, trí bhagairt agus trí bhuamáil? An fhadhb atá againn nach bhfuil rialacha i gceist seachas go bhfuil cead ag na Stáit Aontaithe, agus cibé comhghuaillithe a roghnaíonn siad, a rogha rud a dhéanamh cibé áit, cibé am.

Léiríonn an slad atá á dhéanamh ar phobal na Palaistíne gur acmhainn le ceannairí an iarthair anois marú ar an mhórchóir gan aon fhreagracht. Úsáideann Iosrael an Phalaistín mar shaotharlann chun a theicneolaíocht mhíleata a thástáil agus a easpórtáil ar fud an domhain. Anois, mothaíonn na Stáit Aontaithe gur féidir leo trí ghléasra núicléacha san Iaráin a ionsaí beag beann ar an bhaol go mbeadh tubaiste uafásach ann ina dhiaidh. Agus, ní gá a rá, téann a leithéid salach ar rialacha sábháilteachta idirnáisiúnta.

Ach arís, tugadh neamhaird. Bhí an claonadh riamh ag na Stáit Aontaithe neamhaird a thabhairt ar an dlí idirnáisiúnta ach tá an neamhaird sin ina polasaí cinnte anois. Roimh 9/11, d’fhoilsigh The Project for a New American Century (PNAC) a gcuid pleananna agus rinneadh tagairt don chumhacht uilíoch a shantaigh siad a sháródh dream ar bith ar domhan. ‘Smacht lánspeictrim’ a thug siad air. D’imigh an PNAC mar eagraíocht ó shin ach níor imigh an aisling faoi smacht lánspeictrim.

Cá bhfios an raibh Trump ag obair taobh istigh den dlí maidin Dé Domhnaigh nuair a d’ordaigh sé na hionsaithe ar an Iaráin? Is cuma, ar ndóigh, nó rinne Trump agus a lucht leantóirí beag is fiú den Bhunreacht ó thosaigh siad ar ais don dara hiarraidh sa Teach Bán. Bulaíocht i mbaile is i gcéin an cur chuige atá á chleachtadh aige.

Is maith le Trump a bheith ina bhuaiteoir agus ba mhór an buaileam sciath a rinne sé nuair a d’fhógair sé don náisiún gur éirigh go geal leis an oibríocht. Tá deireadh iomlán le hiarrachtaí núicléacha na hIaráine, a mhaígh sé, gan mórán fianaise a bheith os a chomhair. Bhí an Rúnaí Cosanta, Pete Hegseth, ar an téad chéanna sa phreasócáid a bhí aige cúpla uair an chloig ina dhiaidh. Ní raibh sé ábalta guaim a chur ar a ghliondar agus é ag déanamh cur síos ar na heitleáin agus na luchtaí a bhí á n-iompar acu. Ba léir na drithlíní pléisiúir ar a aghaidh le gach fíric cheannasachta óna bhéal.

Agus sin an fhíortheachtaireacht don lá – ‘is againn atá an neart agus is againn atá an ceart’. Ní thaitníonn an teachtaireacht sin le mórán againn fiú san iarthar, bíodh geall nach réitíonn sí le pobal an mheánoirthir nó dheisceart an domhain ach oiread.

Dá gcuirfí an Iaráin i gcomparáid le tíortha eile an domhain, seans maith nach mbeadh sí ag barr an liosta maidir le cearta daonna. Ach ní haon táscaire é cearta daonna a thuilleadh sa réimeas nua domhanda. An bhfuil cearta na mban níos fearr san Araib Shádach, comhghuaillí na Stát sa réigiún, mar shampla? An féidir a rá go bhfuil preas saor ann i dtír a mharaíonn iriseoirí nach dtaitníonn leis an teaghlach a rialaíonn an tír a bhfuil a n-ainm féin air? Ag caint faoi mharú iriseoirí, tá Iosrael ag bun an liosta más slat tomhais é, gan a bheith ag caint ar shárú gach dlí idirnáisiúnta tríd an phobal Phalaistíneach a mharú ón aer agus trí ghortú.

Is é an ceacht atá á fhoghlaim ag tíortha amhail an Iaráin, gur gá a bheith láidir leis an fhód a sheasamh i gcoinne na Stát Aontaithe agus Iosrael. Is cuma más é Trump a bhris an conradh núicléach a shínigh an Iaráin agus go raibh siad ag an tábla margála suas go dtí gur ionsaigh Iosrael, tír a bhfuil an buama núicléach acu, iad. Má shíl Trump gur oibríocht éasca a bheadh ann an tionsclaíoch núicléach a chur ó mhaith san Iaráin, seans gur chuir sé an fhorbairt siar bliain nó dhó, ach mar a dúirt na hIaránaigh Dé Domhnaigh, ‘ní féidir eolas a chur ó mhaith’. Is mór an spreagadh dóibh armáil núicléach a chur ar an chlár as seo amach.

Close
Close