Ní tragóid aonair é scéal Sarah Montgomery

Kathryn Ní Mhaoláin

“Máthair, deirfiúr, gariníon, cara”.

Sin mar a rinneadh cur síos ar Sarah Montgomery ag bigil chuimhneacháin a reáchtáladh in ómós di i nDomhnach Daoi, Contae an Dúin, an tseachtain seo caite. Agus ba bhean í. An 27ú bean i dTuaisceart na hÉireann a dúnmharaíodh le cúig bliana anuas.

Bhí beirt pháistí ag Sarah Montgomery, agus bhí an tríú páiste á iompar aici. Bhí cairde aici, teaghlach, pobal. Bhí saol aici. Agus baineadh sin uaithi.

Tá teaghlach eile fágtha croíbhriste. Bean eile imithe róluath. Agus fear eile cúisithe as an dúnmharú. Rachaidh daoine chun sráide le cuimhneamh uirthi. Déanfaidh siad agóid ar son shábháilteacht na mban. Agus ansin, déanfaidh siad dearmad air go dtí go marófar an chéad bhean eile.

Ní tragóid aonair é seo. Is patrún é d’fhadhb atá níos forleithne ná mar ba mhaith linn a admháil mar shochaí. Ó thosaigh Women’s Aid ag coinneáil cuntas ar an bhanmharú sa bhliain 1996, maraíodh 256 bhean in Éirinn. As na cásanna sin a socraíodh, bhí aithne ag an bhean ar an fhear 90% den am. Agus níos mó ná leath acu maraithe ag céile nó iarchéile. (Women’s Aid Femicide Watch, 2023.)

An bhfuil muid a rá linn féin gur eachtraí tragóideacha aonaracha a bhí sna 256 chás seo? Gur tharla siad go randamach? Gur tharla sé go raibh drochfhir sna háiteanna cearta ag na hamanna míchearta? Gur comhtharluithe brónacha iad seo? Nó an bhfuil muid réidh le glacadh le fírinne ár sochaí?

Ag an am chéanna, tá Chris Brown ar camchuairt dhomhanda agus na céadta mílte ticéad díolta aige. Tá Conor McGregor sa tóir ar Uachtaránacht na hÉireann. Agus ná déanaimis dearmad go bhfuil Uachtarán na Stát Aontaithe ina éigneoir.

An chéad rud a deirtear nuair a chúisítear fear as ionsaí ban ná go scriosfaidh sé an cháil atá air. Is léir nach fíor sin. Fiú amháin anseo in Éirinn, tá pearsana móra spóirt go fóill ag obair agus á n-íoc in ainneoin iad a bheith cúisithe. Ach tá roinnt daoine ann a déarfadh gurb é sin is fearr don chlub.

Ní athróidh an dóigh a gcaitear le mná muna nglacann muid na cúiseanna seo go dáiríre. Muna stopann muid ag cur locht ar mhná, agus muna stopann muid ag tabhairt tacaíocht d’fhir beag beann ar a bhfuil déanta acu.

Anuraidh, seoladh an chéad Chreatlach Straitéiseach um Foréigean in Aghaidh Ban a Stopadh i dTuaisceart na hÉireann. Sin i ndiaidh an Achta um Foréigean Baile agus Imeachtaí Sibhialta a tháinig i bhfeidhm anseo in 2022. Céimeanna chun tosaigh is iad seo, ach ní leor iad.

Is tragóid amach is amach é scéal Sarah Montgomery. Agus an tragóid is mó ná go mbeidh arís ann. Níor stop sé le bás Karen Cummings. Níor stop sé le bás Natalie McNally.

Is toradh iad na tragóidí seo ar an tsochaí ina maireann muid. Agus tógann sé pobal le sochaí a athrú. Tógann sé oideachas, ó aois óg, ar bhuachaillí agus ar chailíní.

Ná glacaimis leis. Ná fanaimis inár dtost. Ná déanaimis dearmad. 

Close
Close