Cuir an spraoi agus an súgradh ar ais i do shaol

Katie Saoidhbh McGreal

Spraoi, súgradh. Is téarmaí agus focail iad seo a chloiseann muid nuair atáimid ag caint faoi nó le páistí. Is rud é a dhéanann siad ag am lóin nó ag am sosa. Déanann siad é agus iad ag tógáil sos ón ‘fíor-obair’; máta, eolaíocht, Gaeilge, tíreolas, na hábhar ‘chearta’.

Ach tá go leor taighde déanta a léiríonn go mbíonn páistí ag foghlaim níos mó fad is go mbíonn siad ag spraoi agus ní dóigh liomsa go bhfuil daoine fásta pioc difriúil. Ach stopann an spraoi agus an súgradh chomh luath is atáimid ‘fásta’. Ní fheiceann muid an tábhacht a bhaineann leis an spraoi mar bíonn muid dírithe ar rudaí eile atá ‘níos tábhachtaí’: airgid a thuilleamh, morgáiste a fháil, billí a íoc, srl.

Ach leis an olcas ar fad atá ag tarlú ar fud an domhain agus an nuacht sin á craoladh chugainn i gcónaí, tá sé níos tábhachtaí ná riamh spraoi agus sult a bhaint as an saol, nuair atáimid in ann.

Tá teacht againn i rith an ama ar scéalta faoi chogaíocht agus faoi na huafáis ar fad atá ag tarlú ar domhan agus, má bhíonn muid ag smaoineamh air sin go rómhinic, déanann sé olcas dár meabhairshláinte agus ár saol féin, fiú nuair nach linne a bhaineann siad go díreach.

Cabhraíonn caitheamh aimsire go mór linn sos a thógáil ó na meáin shóisialta agus i ndáiríre is minic gur rudaí níos sóisialta iad ná na hardáin ar líne.

Ach arís, is rud é an caitheamh aimsire atá ceangailte le níos mó le páistí ná le daoine fásta. Go hiondúil bíonn daoine fásta ‘róghnóthach’ le tabhairt faoi rudaí díreach ar mhaithe leis an spraoi agus an sult.

Má tá an iomarca le déanamh agat cheana féin, áfach, conas is féidir leat am a aimsiú le tabhairt faoi chaitheamh aimsire?

Is fiú cúpla ceist a chur ort féin.

An mbíonn tú ar na meáin shóisialta go minic?

An mbíonn tú ag breathnú ar Netflix, YouTube nó a leithéid?

Caith seachtain ag scríobh síos an méid ama a chaitheann tú i mbun na rudaí seo agus, in aice leis an am, scríobh síos conas a mhothaíonn tú i ndiaidh.

Síleann muid go bhfuil muid ag ligean ár scíthe agus sinn ag breathnú ar Instagram no TicTok ach is éard atá ag tarlú ná go bhfuil muid ag fáil moll mór eolais in achar gairid agus is ar éigean go bhfuil an inchinn in ann dó. Go minic, théis tréimhse ar na meáin shóisialta, mothaíonn muid níos measa ná a mhothaigh muid roimhe.

Nuair a thuigeann tú seo agus tugann tú faoi deara an méid ama a chaitheann tú ar na haipeanna éagsúla, seans go mbeidh tú in ann am a aimsiú le caitheamh ar ghníomhaíocht éigin eile seachas ar an teicneolaíocht - rud éigin a bhfuil dúil agat ann, rud éigin a mbainfidh tú sult as agus a chuirfidh ag foghlaim thú.

Freisin, mothaíonn muid go minic nach bhfuil aon fhuinneamh fágtha againn ag deireadh an lae ach is cinnte go raibh am ann a d’imigh tú amach ar aon nós agus gur mhothaigh tú níos fearr ina dhiaidh. Má chaitheann muid fuinneamh, faigheann muid fuinneamh. Má théann tú go dtí an rang sin, mothóidh tú níos fearr, fiú muna bhfuil dúl agat dul ann sula bhfágann tú an teach.

Fuair mé teachtaireacht ó chara liom le déanaí, cara a bhfuil beirt pháistí aici atá sé bliana d’aois. Ghlac an cara seo ballraíocht i ngiom le déanaí. Ag tús na teachtaireachta bhí sí ag insint dom cé chomh deacair is a bhí an obair an lá sin ach sa tráthnóna chuaigh sí go dtí an t-ionad aclaíochta agus mhothaigh sí i bhfad níos fearr dá bharr. Thosaigh páirtí mo charad ag imirt badmantain arís i ndiaidh na mblianta agus tá sé míle uair níos sásta leis an saol agus an caitheamh aimsire sultmhar seo aige anois uair sa tseachtain.

Is féidir leis tarlú go stopann muid mar dhaoine fásta ag foghlaim rudaí nua nuair a chríochníonn muid an scoil. Éiríonn muid cleachta leis an saol mar atá sé agus ní bhacann muid le haon rud difriúil a dhéanamh. Má thugann tú faoi ghníomhaíocht nua a mbaineann tú taitneamh as áfach, cabhróidh sé le d'inchinn a bheith sláintiúil agus beidh saol níos folláine agat.

Aimsigh am mar sin chun an spraoi agus an súgradh a chur ar ais i do shaol.

Close
Close