Stádas na Gaeilge san Eoraip agus an tAistriúchán: Riachtanach

P. S. Ó Murchú

Bhí cara liom, Seaghan Mac an tSionnaigh, ag caint faoin ‘Straoisleabhar’ le déanaí. N'fheadar ó thalamh an domhain a n-aistríonn tú gach rud beo, ar mé leis. Mhachnaigh sé seal agus dúirt ‘Nach cuid de chultúr na Gaeilge an t-aistriúchán?’ Ambaiste ach go raibh an ceart aige. Cuid d’oidhreacht na teanga an t-aistriúchán. Agus nach Shane Fox a thugann siad air sa bhaile, ó cuimhním air.

Más olc maith linn é is de dhlúth agus d’inneach na Gaeilge an t-aistriúchán. Is amhlaidh an scéal le fada fíorach an lá. Is fírinní fós é agus an teanga a mhionlaithe is atá, í in adharca leis an teanga is cumhachtaí a labhraíodh riamh ar an gcruinneog seo.

Tá a lán buntáistí ann an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil san AE. Bíonn fáil ar eolas ón AE i nGaeilge i bhfad níos rialta agus ar chaighdeán níos airde ná mar a bhíonn i gcás Rialtas na hÉireann. Cruthaítear agus daingnítear téarmaíocht, leathnaítear stór focal, cinntíonn sé gur féidir leis na Gaeil an teanga a áireamh agus iad ag cur isteach ar obair san AE. Murach an stádas seo chuirfí slua mór de Ghaeilgeoirí cumasacha ó dhoras toisc nach mbeadh an tríú ‘teanga Eorpach’ acu. An t-aon fhógra Gaeilge atá feicthe agam ar Instagram ba ón AE a tháinig sé. Normalú teanga é sin. Tá míbhuntáistí ann leis. Ar an drochuair méadófar go suntasach ar líon na dtéacsanna a aistrítear go Gaeilge, seachas líon na dtéacsanna bunaidh Gaeilge. Cúis bhuartha é seo i gcás teangacha mionlaithe.[1]

 

Tá roinnt in amhras ar fad faoi fhiúntas an aistriúcháin tríd is tríd.[2] Léiríonn Fearghal Ó Béarra tuairimí le dealramh ina alt ach feictear dom gur ach samhlú púcaí atá sé méid áirithe: ‘[a] strategy to eventually isolate the Irish speaking community’ a thugann sé ar Acht na dTeangacha Oifigiúla (ATO). Ní dóigh liom go bhféadfaí a rá gurbh é seo sprioc Éamoin Uí Chuív, an duine is mó a shamhlaítear leis an reachtaíocht. Dar le roinnt eile ní fiú a bheith ag plé leis an aistriúchán teicniúil sa Ghaeilge mar gur beag úsáid a bhainfear as. An té a bhfuil an dearcadh seo aige déanann sé dearmad ar fad ar na státseirbhísigh uile atá ag saothrú i mBéarla i ngort fíorshainspeisialaithe.

Deir Ó Béarra go bhfuil 90% den phobal labhartha ina gcainteoirí neamhdhúchais anois.[3] Is dúshlán mór é seo don teanga. Caithfear cuimhneamh, áfach, nach eiseamláir gan sárú an cainteoir dúchais a thuilleadh. Tá cumas téarmaíochta agus stór focal na gcainteoirí duchais á lagú i gcónaí. Deir sé ‘the translator should never translate into a target language that is not his first language’. Mar sin féin tarlaíonn sé seo ar fud na cruinne mar atá. Thairis sin, ó thaobh na dteangacha mionlaithe caithfear fuineadh de réir na mine. Más sop in áit na scuaibe na haistritheoirí nach cainteoirí dúchais iad, nach fearr an sop féin ná urlár na cistine a fhágáil faoi bhrat trom deannaigh, le paidir chapaill a dhéanamh den mheafar.

Is fíor don Bhéarrach nuair a deir sé go bhfuil daoine ag aistriú ‘whose grasp of the Irish language is inadequate’. Conas is fearr dul i ngleic leis seo? D’fhéadfá riail a thabhairt isteach faoina mbeadh an Séala Creidiúnaithe d'Aistritheoirí ag teastáil ó éinne a bheadh ag aistriú d’fhoras stáit. Is cosúil gur leor bunchéim sa Ghaeilge i gcásanna go leor faoi láthair. Chosnódh riail seo an tSéala gairm an aistritheora chomh maith.

Bealaí eile a bhféadfaí an caighdeán a fheabhsú ná cur arís eile leis na háiseanna ar líne. Cé go bhféadfaí a rá gur ceist eile ar fad í, tá easnaimh mhóra ann ó thaobh ábhar Gaeilge na hArdteiste. Níltear ag cur dúshlán roimh go leor daltaí Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Is gá an dara hábhar Ardteiste a chur ar fáil ina mbeadh béim ar litríocht, ardscileanna scríbhneoireachta, teanga agus aistriúcháin.

Scéal chailleach an uafáis atá ag an mBéarrach nuair a deir sé gur baol an t-aistriúchán do ‘long term vitality’ na teanga. Is baolaí go mór láidreacht an Bhéarla agus an t-athrú teanga ó Ghaeilge go Béarla, tuistí a bhfuil Gaeilge líofa acu ag tógáil a bpáistí le Béarla amháin, próiseas atá faoi lán seoil.

Iarrann Donncha Ó hÉallaithe, an té is mó a dhéanann gearán faoin stádas Eorpach b’fhéidir, orainn ar chóir ceisteanna a chur faoi mhaoiniú na Gaeilge.[4] Ba chóir gan amhras. ‘Nach mbeadh sé níos fearr an 30+ aistritheoirí sin a chur ag obair ar théacsleabhair mhaithe a chur ar fáil sna scoileanna.’ B’fhéidir é, ach rogha bhréagach í. Ceist eile fós. ‘Nach bhféadfaí tíocht ar shocrú leis an Aontas Eorpach faoin gcaiteachas seo?’ Freagra na ceiste? Ní fhéadfaí.

Táim lánchinnte deimhnitheach de nach bhfuil seans ar bith go gcaithfí airgead an Aontais ach ar aistriúchán an Aontais. I gcás na hÉireann is fíor go bhféadfaí ATO a leasú. Sílim féin gurbh fhearr i bhfad suímh, fógraí, twitter agus facebook na n-eagraíochtaí a bheith á n-aistriú in áit na dtuarascálacha bliantúla. Sílim, áfach, gur dócha gur soláthar bearnach, as dáta a chuirfí ar fáil sa chás go ndéanfaí sin.

Tá dealramh áirithe leis an argóint go meallfaidh an Eoraip an iomad daoine oilte. I dtosach aimsire ní shamhlófá go raibh an baol seo rómhór ach le tamall chonaictheas roinnt daoine a bhí chun tosaigh i saol na Gaeilge ag tabhairt eitleán bán na hEorpa orthu féin. Tá líon ard daoine le hearcú fós. Tá an baol ann go gcaillfear daoine atá ríthábhachtach ó thaobh cruthú pobail, gan trácht ar a gcuid scileanna teanga. Déarfadh bean an dóchais áfach go bhfillfidh formhór mó na ndaoine seo ar Éirinn amach anseo agus meon leathnaithe acu, scileanna faighte, nó go n-imreoidh siad tionchar ar an Aontas agus iad thall. Chuala ráite, fiú amháin, go bhfuil an Ghaeilge le clos ar shráideanna na Bruiséile. B’fhearr sa bhaile í ach ní hí sin an rogha atá ann.

Rogha bhréagach eile caint Uí Éallaithe faoi ATO agus €1,200,000 a bheith á chaitheamh in aghaidh na bliana ar dhoiciméid. Tá léirithe ag an stát go bhfuil meas áirithe ar an dualgas reachtúil ach feictear dom, dá mba i gciste eile don airgead, gur dócha go ndéanfaí foghail air in am aon ghátar.

Tá dearcadh fíordhiúltach ag Aaron McKenna faoi stádas na teanga, in alt don Journal, iontas na n-iontas.[5] Luann sé ‘the old racket of trying to land a few jobs abroad’. Nach minic é ina phríomhscéal nuachta nuair a chruthaíonn cuideachta 50 éigin post in Éirinn. Cén fáth nach mbeimis ag iarraidh poist a chruthú d’Éireannaigh? Is eol dúinn go n-úsáidtear an Ghaeilge i seomra na parlaiminte níos minice ná cuid de na teangacha oifigiúla eile. Ar chóir dúinn íoc as na teangacha eile agus gan post ar bith a chur ar fáil do Ghaeil?

Tá léirithe go mion minic go bhfuil stádas oifigiúil tábhachtach do dhán teanga mionlaithe.[6] Ba chóir dúinn an stádas reatha a chosaint agus a dhaingniú. Cuirfidh an stádas san AE brú ar Éirinn an caighdeán in Éirinn féin a ardú ó thaobh cúrsaí aistriúcháin agus traenála, rudaí a bheadh in umar na haimléise ar fad murach é. Go deimhin, chuir cheana. Seans go gcuirfidh an brú seo ón taobh amuigh stop le cuid den síorísliú caighdeán atá ag tarlú i gcás na Gaeilge. Feictear dom go bhfuil an caighdeán Gaeilge á ardú in Éirinn ag an leibhéal is airde (cúrsaí aistriúchain agus máistreachtaí). Tá flúirse cúrsaí nua ar bun agus daoine fostaithe mar theagascóirí.

Is deacair an plé seo ar fad a scarúint ó phlé socheolaíochta níos leithne. Caithfear breathnú ar dhálaí an iarchoilíneachais agus an náire chultúrtha go speisialta. Is éard atá i gceist ná coimpléasc ísleachta inmheánaithe a tharlaíonn i sochaí tar éis don choilíniú dul i bhfeidhm uirthi. Tá a rian seo go trom ar go leor den phlé ar na ceisteanna seo agus ar an tslí a bpléann an gnáth-Éireannach leis an nGaeilge.

Pointe a luaitear go han-mhinic sa díospóireacht seo ná go n-aistrítear gach doiciméad oifigiúil go Gaeilge. An dream sin atá coimeádach ó thaobh meastachán luann siad ‘mórchuid’ na ndoiciméad. Is eol don Ghaeilgeoir nach bhfuil bunús ar bith leis an maíomh seo. Measann daoine áirithe gur isteach nó amach le 2% den iomlán a aistrítear, figiúr a bhfuil craiceann na fírinne air dar liom.[7] Is cosúil go bhfuiltear ann nach mbeadh sásta le céatadán ar bith a bheith á aistriú.

Tagraíonn McKenna don €12 mhilliún a caitheadh ar dhaoine a thraenáil. Cinntíonn an caiteachas seo go mbeidh scileanna ardchumais ag daoine, le tabhairt faoin scríbhneoireacht, faoin eagarthóireacht agus faoi aclú na teanga as seo amach. Tá luach an-mhór air seo i bhfianaise stádas measartha íseal na Gaeilge. Cuireann an traenáil seo go suntasach le líon na ndaoine a bhíonn ag plé le hardréimeanna teanga. Dá gcomhairfí an t-airgead ar fad a chaitear ar dhaoine a chumasú agus a fhostú ar bhealaí a láidríonn an Béarla in Éirinn bheadh figiúr ollmhór ar fad agat, mórchuid de chaiteachas an Stáit. Tacaíonn an córas reatha leis an mBéarla. Is fiú a lua go seasann formhór mór an daonra le tacaíocht bhreise a chur ar fáil don teanga. Léirítear seo arís agus arís eile i bpobalbhreitheanna éagsúla.[8]

Dar le McKenna ‘The Irish language industry is almost an entirely state-funded cottage enterprise that maintains its position through cultural nationalistic blackmail. There, I’ve said it.’ Cad é an dúmhál seo atá i gceist aige? Daoine a iarrann tacaíocht stáit do theanga a brúdh faoi chois, teanga a bhíodh mídhleathach, teanga nach raibh cead í a scríobh ar chairteacha ná a úsáid i gcúirteanna agus tú á dhaoradh chun báis gan ateangaire fiú. Bí ag caint ar dhúmhál.

In alt le Robert Lane Green, iriseoir le The Economist ar chúrsaí teanga deirtear linn go bhfuil beartas an AE ‘lavishly generous’.[9] An féidir le córas atá bearnach, easnamhach, dírithe ar mhórtheangacha, a dhúnann an doras ar theangacha mionlaithe a labhraítear ar fud na hEorpa (an Bhreatnais, an Chatalóinis, an Bhascais san áireamh) a bheith ‘lavishly generous’? Is féidir, dar leis an duine a thacaíonn le coilíneachas nua-aimseartha teanga, go fiú más i ngan fhios dó féin a dhéanann sé é.

Deir sé linn go bhfuair an cainteoir aonteangach Gaeilge bás sna 1960dí. Ní fíor seo. Tá cainteoirí óga aonteangacha chomh maith le daoine atá amach sna blianta ann fós. Bréag más ea. Ní hann dóibh mar sin ní gá na seirbhísí. Fágann easpa seirbhísí nach mbeidh ann dóibh. Is ionann an bhréag a thabhairt agus an fhírinne a thabhairt chun saoil.

Tá an domhan ag bogadh go síoraí i dtreo na mórtheangacha, cén fáth gur chóir d’aontas daonlathach luas a chur faoin treocht seo? Áitím go bhfuil tromdhualgas morálta ar an AE éagsúlacht teangacha a chosaint. Éagsúlacht atá inchurtha le cuid ar bith eile den bhithsféar.

Tugann Lane Green forléargas ar dhálaí na teanga sa lá atá inniu ann ach baineann buneolas earráideach óna argóint.[10] Féach ‘Many jobs require proficiency in Irish.’ Is eol dúinn nach fíor dá mhaíomh. Ní raibh ach .01% de 8,367 post sa státseirbhís daingnithe mar phoist ‘Ghaeilge’.[11] Is dócha gur ísle go mór an líon sna heagraíochtaí leathstáit agus i réimsí eile den tseirbhís phoiblí. Is féidir an cás a dhéanamh gur san AE amháin a dhéanfar freastal mar is ceart ar chearta Gaeilgeoirí.

Tugann sé le fios, leis, go bhfuil 10 n-oiread cainteoirí Polainnise in Éirinn is atá cainteoirí dúchais Gaeilge. ‘Indeed, Polish has an order of magnitude more native speakers—in Ireland—than Irish does.’ Tá dul amú air.[12] Ní hamháin sin, níl an Pholannais taobh le rialtas na hÉireann mar an t-aon dream a thabharfadh cosaint di. ‘...but France gives Breton nothing like the support Irish has’ a deir sé, leis. Cáintear an Fhrainc Domhnach is dálach as an easpa tacaíochta agus an chaoi nach n-aithníonn siad teangacha réigiúnacha na tíre. Ní fiú brobh an chomparáid más ea.

Cad atá á rá agam más ea? Is ionann stádas na Gaeilge (san Eoraip agus sa bhaile) agus an teanga a fhorbairt agus a chosaint. Méadaíonn an stádas an seans go mbeidh sí á labhairt i gceann 100 bliain. Tá lochtanna áirithe ar ghnéithe den bhealach a gcuirtear an stádas i bhfeidhm ach ní dócha gur ann don chóras gan locht. Caiteachas riachtanach atá ann dar liom. Is cinnte gur tábhachtaí go mór tacú le pobail agus le tuistí a thógann a bpáistí le Gaeilge ach ní rogha idir eatarthu é. Cuimhnítear leis, ainneoin bhuaileam sciath na n-aonteangaithe anglafónacha, nach mbíonn ach fíorbheagán cearta ag Gaeilgeoirí.

Ar chur in áirithe dom mo choinne NCT an lá cheana ba dheacair dom an suíomh gréasáin a úsáid toisc bearnaí agus botúin mhóra a bheith san aistriuchán. Is minic nach mbíonn suímh ghréasáin faoi réim ATO. Nach orm a bhí an t-ionadh nuair a fuair mé amach nach dtagann an NCT faoi réim an Achta fiú agus go mbeidh fanacht fada orm bunseirbhís a fháil. Cúirtéis go dtugtar aon seirbhís in aon chor. Seo againn róchaiteachas agus rófhlaithiúlacht na scríbhneoirí thuas. Bíodh stádas ceart ag an nGaeilge san Eoraip, óir nach bhfuil aon áit eile.

___________________________________________________________________

[2] ‘Late Modern Irish and the Dynamics of Language Change and Language Death’ le Fearghal Ó Béarra. The Celtic Languages in Contact – Papers from the Workshop within the Framework of the XIII International Congress of Celtic Studies, Bonn, 26–27 July 2007. http://t.co/7equFtQTUl

[3] Is dócha gur ‘nuachainteoirí’ a thabharfaí orthu seo faoin téarmaíocht reatha.

[6] Hoffman, C. An Introduction to Bilingualism. Harlow: Longman ‘For it is generally accepted that in order to secure the survival of a minority language as a living entity it is necessary not only to gain legal recognition for it, but also to prove that it has at its disposal all the linguistic resources needed for successful communication in a modern industrially advanced world.’ 1991.

[7] Ó Duibh, Austin, Stuck in Lá Groundhog (litir), Irish Times, 8 Márta, 2012.

‘It is totally untrue that all official documents must be translated into Irish. Each year the State produces a huge amount of written material, nearly exclusively in English, in the form of things like legislation, reports, letters, press releases, leaflets, adverts and, increasingly, webpages. ….I can say with no hesitation that the figure [Gaeilge] is very low indeed. I might hazard a guess of 2 per cent. Even that figure is probably too high.’

[8] Ní Thuathaláin, Méabh, Móramh suntasach ar son tacaíocht bhreise don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus don ghaeloideachas – pobalbhreith náisiúnta nua. Dé Sathairn, Aibreán 14, 2018. (https://tuairisc.ie/moramh-suntasach-ar-son-tacaiocht-bhreise-don-ghaeilge-don-ghaeltacht-agus-don-ghaeloideachas-pobalbhreith-naisiunta-nua/)

[11] Ó Gairbhí, Seán Tadhg, .01% de 8,367 post sa státseirbhís daingnithe mar phostanna ‘Gaeilge’

Aibreán 8, 2016. (https://tuairisc.ie/0-001-de-8367-post-sa-statseirbhis-daingnithe-mar-phostanna-gaeilge/)

[12] Is ionann ord méadaíochta agus deich n-oiread. Tá pobal mór Polannach in Éirinn ach níl aon bhunús le difear d’ord méadaíochta. 120 míle duine as an bPolainn a bhí in Éirinn dar le daonáireamh 2016. Meastar go bhfuil idir 40 agus 80 míle cainteoir dúchais in Éirinn.

Close
Close