Is strainséir mé i ndomhan an tsean-nóis

Kathryn Ní Mhaoláin

Is linne ar fad an Ghaeilge. Pobal fáiltiúil, croíúil, oscailte. Ní gá ach an teanga a fhoghlaim le go mbeidh tú mar chuid de ghluaiseacht mhór náisiúnta. Beidh cairde nua, deiseanna oibre agus (níos tábhachtaí arís, b’fhéidir) moll mór craice ag fanacht leat.

Tógadh mise le Béarla, agus chuir mé tús le m’aistear Gaeilge ag aois 15 bliana, nuair a chuaigh mé chuig an Ghaeltacht den chéad uair agus a bheartaigh mé gur mhaith liom a bheith líofa. Is scéal é atá cloiste agat na mílte uair faoin am seo, uaimse nó ó Ghaeilgeoir eile i do shaol. Mar sin, ní gá dom a insint duit gur athraigh sé mo shaol agus mo dhearcadh. Tugadh isteach mé, tugadh croí isteach dom, cuireadh fáilte romham.

Is Gaeilgeoir bródúil mé anois, agus is amhránaí mé fosta. Bhain mé Fleadh Cheoil na hÉireann san amhránaíocht ar an tsean-nós sa bhliain 2019. Cén fáth, mar sin, nach mothaím mar chuid de dhomhan na hamhránaíochta ar an tsean-nós?

San amhránaíocht thraidisiúnta Bhéarla, sna ciorcail inar tógadh mise, ní minic a chloisfeá “maith thú” nó “lean ort” agus tú i mbun amhráin. Bheadh tost iomlán ann, bualadh bos ina dhiaidh, agus is mó seans go mbeadh giotár leat ná go gcanfá acapella. Ghlac mé leis, nuair a thosaigh mé ag foghlaim na sean-amhrán Gaeilge, gurb amhlaidh an scéal ach amháin gur teanga eile a bhí i gceist. Agus baineadh geit mhór asam an chéad uair dom amhrán ar an tsean-nós a rá i dtimpeallacht lán-Ghaeilge nuair a thosaigh daoine do mo mholadh agus mé go fóill ag ceol!

Is i mbliana, 6 bliana i ndiaidh dom duais náisiúnta na Fleidhe a bhaint, a d’fhoghlaim mé den chéad uair faoi thraidisiún an “windeáil”. Agus an chéad uair dom duine a fheiceáil greim a choinneáil ar chathaoir agus iad i mbun amhráin, blianta fada ó shin, níor thuig mé ach an oiread é. Cé gur chuir mé an t-am isteach leis an teanga a fhoghlaim, agus na hamhráin, agus an stair a bhaineann leo, níor teagascadh riamh dom na gnéithe eile seo a bhaineann leis.

Tá sé náireach, ar bhealach, nár thuig mé an traidisiún sean-nóis ina iomláine sular chuir mé isteach ar an Fhleadh. An leis na Gaeltachtaí amháin an amhránaíocht ar an tsean-nós? An bhfuil mise ag cur leis an traidisiún, nó ag baint de?

Bíonn go leor daoine den tuairim gur cheart do dhaoine as Gaeltacht áirithe na hamhráin as an cheantar sin, agus iadsan amháin, a chanadh. Bímse, mar sin, ag foghlaim amhráin as Tír Chonaill, an Ghaeltacht is cóngaraí domsa. Ach ní mhothaím gur liomsa na hamhráin sin, dáiríre. Mothaím an rud céanna le hamhráin Oirialla: amhráin ghalánta, taitníonn siad go mór liom, ach ní liomsa iad. Is iomaí amhrán Béarla atá amuigh ansin faoi chontae Dhoire, ach faraor, ní hionann an scéal leis na hamhráin sean-nóis.

In ainneoin m’amhrais faoin áit atá ann dom féin i ndomhan an tsean-nóis, is breá liom an traidisiún. Tá rud speisialta faoin mholadh a fhaigheann tú i rith an amhráin ó dhaoine eile sa tseomra. Tá rud nádúrtha faoin ghreim ar an chathaoir. Tá rud cumhachtach faoin windeáil. Is toradh iad na gnéithe seo den traidisiún saibhir atá ag ár dtír, agus tá meas mór tuillte acu. Agus leanfaidh mé orm ag ceol, muna ndeirtear liom a mhalairt!

Close
Close