Seachtain na hEolaíochta 2017

Tá Fondúireacht Eolaíochta na hÉireann (Science Foundation Ireland) ag iarraidh ar dhaoine bomaite a ghlacadh agus ceist a chur faoi aon rud a bhí ariamh ag dó na geirbe acu faoin saol mórthimpeall orthu.

Iarrtar ar dhaoine an haischlib #StopAndAsk a chur sna comhráití le linn na seachtaine ar Twitter, Instagram nó Facebook.  

Le linn Sheachtain na hEolaíochta a thosaigh ar an 12ú agus atá á leanúint go dtí 19ú de mhí na Samhna ar fud fad na tíre tá an iliomad imeachtaí ag tarlú.

Tugann Seachtain na hEolaíochta deis do dhaoine óga ceisteanna a chur faoin eolaíocht thart orthu agus faoin tionchar atá ag an eolaíocht ar an ghnáthshaol.

Is í bunaidhm an fheachtais #StopAndAsk ná cuidiú leis an tsochaí an domhan a thuiscint agus comhráití a éascú idir an gnáthphobal agus pobal eolaíochta na hÉireann.

Bhí an SFI ag obair le comhlachtaí agus le heagraíochtaí i ngach cearn den tír le himeachtaí difriúla a eagrú ó cheardlanna do dhaltaí scoile go daoine ag bailiú le chéile le labhairt faoi cursaí eolaíochta, nó go bialanna ag cur imeachtaí ar fail faoin eolaíocht a bhaineann le hullmhúchán béilí.

Tá tuilleadh eolais faoi na himeachtaí uilig ag www.sfi.ie

Leis an tseachtain seo a chomóradh thug Meon Eile cuairt ar Réadlann Ard Mhacha le labhairt leis an scoláire taighde iarchéime Conor Byrne faoina chuid taighde féin ar staidéar réaltaí fo-abhaic agus faoina shaol mar réalteolaí.

#scienceweek #BelieveInScience #StopAndAsk

Close
Close