Scanradh ar na sráideanna

Caoimhe Ní Mhuilleoir

Oíche Aoine cosúil le hoíche Aoine ar bith eile a bhí ann i gceantar “branché” (hipster) Pharás idir an 10ú agus an 11ú arrondisement in aice le Canal Saint Martin, áit a mbíonn daoine óga don chuid is mó amuigh ag baint suilt as an deireadh seachtaine.

Bhí mé féín i mbialann Indiach ag ceiliúradh breithlá cara liom nuair a fuair duine dár gcuideachta news alert ar a ghuthán póca ag rá go raibh ionsaithe marfacha ag titim amach i bParás, san 10ú agus 11ú arrondisement, díreach an áit ina raibh muid.

Is ansin a thug muid faoi deara bonnáin na bpéas agus na n-otharcharr ag dul thart linn.

Bhí rudaí tríd a chéile.

Ar an nuacht ar líne dúradh go raibh na buamdóirí fós ar a seachnamh, go raibh siad marbh srl.

Bhí díospóireacht inár measc faoi cad is fearr le déanamh.

An mbeadh muid níos sábháilte ag suí i mbialann le fuinneoga móra déanta as gloine ar nós targaidí nó arbh fhearr dúinn seans a ghlacadh taobh amuigh agus teacht ar fhoscadh in árasán cara linn a bhí thart an coirnéal.

Sa deireadh rinne muid an cinneadh bogadh go dtí an t-árasán.

De réir a chéile bhuail sé muid cé chomh cóngarach is a bhí muid do na hionsaithe.

Ní raibh muid ach 300 slat ón Petit Cambodge, bialann bheag Chambódach inár scaoileadh daoine marbh go fuarchúiseach.

D’fhan muid san árasán sin go dtí a cúig a chlog ar maidin ag éisteacht leis an nuacht faoin slad uafásach a bhí ag titim amach thart orainn.

Ba é an uair a ba bhrónaí é nuair nuair a chuala muid go raibh thart ar 100 marbh in amharclann an Bataclan, áit a ndeachaigh mé thart leis go minic agus inár fhreastal mo chairde Francacha ar cheolchoirmeacha.

Is cathair bhríomhar, bheoga í Parás, áit ina gceiliúrtar an grá, an tsaoirse agus an spraoi.

Bhí Páras an lá dár gcionn iomlán athraithe.

Bhí an chathair suaimhneach, faoi thost beagnach.

Bhí roinnt daoine fós amuigh i mbun a ngnóithe, ag dul chun roinnt siopadóireachta a dhéanamh, ach don chuid is mó d’fhan daoine taobh istigh, ag stánadh ar an nuacht, ag iarraidh teacht ar thuiscint éigin faoi cad a thit amach sa chathair s’acu.

Difear idir 13 Samhain agus 9 Eanáir

Is cuimhin linn go maith eachtraí mhí Eanáir anseo i bPáras nuair a rinneadh ionsaí fuilteach ar oifigí Charlie Hebdo agus an Hyper Casher (siopa Giúdach).

Sheas muintir Pháras suas go ceanndána agus dúirt nach mbeadh eagla orthu.

Ach tá an t-atmaisféar iomlán difriúil an uair seo.

I mí Eanáir, cé go raibh brón ar dhaoine agus baineadh stangadh astu, mhothaigh said gur ionsaí a bhí ann ar luachanna na Fraince agus saoire cainte an uiledhuine.

An uair seo, mothaíonn daoine go ndearnadh ionsaí ar a macasamhail féin: daoine a bhí amuigh ag baint suilt as an saol, daoine ar thaitin an ceol roc leo, a gcairde, a bpáistí.

Tá an eagla le brath an uair seo, d’fhéadfadh duine ar bith againn a bheith thíos leis an sléacht Dé hAoine.

Ní mhothaíonn daoine sábháilte.

Tá trí lá caointe sa Fhrainc anois agus tá stát eigeándála fógartha ag an Uachtarán Francois Hollande mar sin tá cosc ar aon agóidí móra den chineál a bhí ann ag tús na bliana.

Tá easpa dóchais le brath i measc an phobail anseo agus tá ceisteanna á gcur.

Cén dóigh a raibh an sléacht seo in ann tarlú i gcathair atá in ainm a bheith faoi réimeas docht slándála ó bhí ionsaithe mhí Eanáir ann?

Ón ionsaí ar Charlie Hebdo, tchí tú saighdiúrí armtha ag cosaint foirgneamh suntsach i bParás.

An bhfuil aon rud gur féidir a dhéanamh le stop a chur leis na daoine seo atá diongbáilte ar son daoine a mharú?

An todhchaí

Tá muintir Pháras cráite, croíbhriste agus beidh sé roinnt laethanta ann sula mbíonn scéal soiléir ann faoi cad a thit amach go díreach.

Faoi láthair tá na húdarais ag iarraidh ainm a chur le gach marbhán agus tá na scéalta atá ag teacht chun solais faoi anbhás na ndaoine bochta seo ag briseadh croíthe ar fud an domhain.

Tá daoine le dul ar ais ag obair an tseachtain seo ach is deacair a shamhlú go rachaidh an saol ar aghaidh mar a bhí.

Mothaím go bhfuil an Fhrainc faoi ionsaí agus nach mbeidh rudaí mar an gceánna riamh arís.

Agus mé á scríobh seo, áfach, tá mé ag ullmhú le dul amach le cara liom.

Lasfaidh muid coinneal do na créatúir a cailleadh san ár dochreidte seo agus siúilfidh muid sráideanna áille Pháras faoi ghrian bhog an gheimhridh.

Ólfaidh muid cupán caifé i mbistro beag.

Ní ligfidh muid don sceon muid a chloí.

Ní bheidh eagla orainn.

Close
Close