Fuinneamh, daonnacht agus bua Catherine Connolly

Ursula Savage

Dé Sathairn toghadh Catherine Connolly mar an deichiú hUachtarán ar Éirinn agus bua ollmhór aici i dtoghchán a bhí dian ar na hiarrthóirí.

D’éirigh le Catherine Connolly 63.4% den vóta a fháil, le 29.5% ag Heather Humphreys agus 7.2% ag Jim Gavin, a tharraing amach as an rás roinnt seachtainí ó shin.

I measc na staitisticí is suntasaí a tháinig amach as an chomhaireamh ná an líon ard vótaí millte a bhí ann - rinne breis agus 200,000 duine scrios ar a vóta chun a gcuid míshástachta a léiriú. Bhain cuid den mhíshástacht sin leis an phróiseas roghnúcháin d’iarrthóirí. Bhí daoine eile míshásta leis an chóras polaitíochta trí chéile, agus cuid eile ag tógáil ceisteanna maidir le cúrsaí ar leith, amhail an ghéarchéim thithíochta nó ceisteanna a bhaineann le hinimirce sa tír.  

Ach cibé rud faoi na vótaí millte agus faoin mhíshástacht, níl aon amhras ann gur éirigh go hiontach le feachtas Catherine Connolly.

Is léir gur éirigh léi dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine leis an chur chuige dearfach, oscailte agus tuisceanach a bhí aici. Sheas sí go láidir lena cuid tuairimí fiú nuair a cuireadh ceisteanna crua uirthi ad naseum, agus léirigh sí go raibh sí in ann cloí lena cuid luachanna agus prionsabal, fiú nuair a bheadh daoine ag easaontú léi.

Rud eile a chuidigh go mór léi ar ndóigh ná go raibh sí in ann na páirtithe ar an eite chlé a tharraingt le chéile taobh thiar di. Ní minic a fheictear na páirtithe seo ar fad ag teacht le chéile le aon ghuth amháin, agus cé go raibh roinnt deacrachtaí ag daoine aonair i bPáirtí an Lucht Oibre agus sa Chomhaontú Glas maidir le feachtas Connolly, tharla comhoibriú ar leibhéal nach bhfuil feicthe le fada le linn an fheachtais.

Ceist mhór a bheidh ann anois ná an féidir le páirtithe na heite clé a d’oibrigh lámh ar lámh le chéile le roinnt seachtainí anuas cur chuige níos fadtéarmaí a bhunú agus seans réadúil a thabhairt dóibh féin rialtas ar an eite chlé a chur le chéile i ndiaidh an chéad olltoghcháin eile. Ní fheicfear torthaí na hoibre seo ar scála náisiúnta go gceann tamall eile agus an rialtas reatha fós measartha úr, ach beidh teist anois ann san fhothoghchán a bheidh ann le suíochán Catherine Connolly a líonadh. Caithfidh an toghchán seo tarlú laistigh de shé mhí ón am a éiríonn Connolly as a suíochán i nGaillimh Thiar, ach ní dócha go mbeidh na páirtithe ag aontú ar iarrthóir amháin ón eite chlé le dul isteach ina háit.

Beidh ceisteanna móra anois ann do pháirtithe an rialtais chun oibriú amach cad a tharla sna feachtais a bhí ag an bheirt acu, ach beidh le feiceáil an mbeidh impleachtaí ann do cheannairí na bpáirtithe siúd amach anseo mar gheall ar dhroch-chinntí a rinneadh le linn na bhfeachtas.

I gcás Fhianna Fáil, cuirfear tuairisc ar fáil go luath don pháirtí Pairliminte maidir leis an phróiseas roghnúcháin feachtas gairid tubaisteach Jim Gavin mar thoradh air. Mar gheall gurbh é Micheál Martin féin a mhol é, is cinnte go ndearnadh dochar dá cheannasaíocht laistigh den pháirtí mar gheall ar an dóigh ar thit rudaí amach sa deireadh.

Maidir le Fine Gael, beidh machnamh le déanamh acu ar dhroch-fheachtas eile d’Áras an Uachtaráin agus seacht mbliana eile le cur isteach sula mbeidh an deis acu iarrthóir a chur chun tosaigh arís. Tiocfaidh ceisteanna aníos maidir leis an phróiseas roghnúcháin a bhí acu féin, go háirithe i ndiaidh do Mairéad McGuinness tarraingt amach as an rás le linn an tsamhraidh. Ansin, pléifear feachtas nach raibh in ann splanc a lasadh, a rinne ionsaithe ar an iarrthóir eile, agus ar theip air dul i bhfeidhm ar an phobal ar bhealach suntasach ar bith.

Ceist eile atá fós atá i mbéal an phobail ná an mbeidh an deis ag muintir na sé chontae vóta a chaitheamh sa chéad toghchán Uachtaránachta eile, agus cén chuma a bheidh ar an chomhrá maidir le hÉirinn Aontaithe faoin am sin. Léirigh Connolly tacaíocht don fheachtas le roinnt seachtainí anuas, ach anois agus í ag dul isteach san Áras beidh ar pháirtithe an rialtais agus iad siúd sa fhreasúra chomh maith an cheist sin a fhreagairt bealach amháin nó bealach eile.

Insealbhófar Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann ar an 11 Samhain agus tá ráite aici go bhfuil sé i gceist aici ionadaíocht a dhéanamh ar gach duine sa tír, go mbeidh sí tuisceanach mar Uachtarán agus go ndéanfaidh sí a dícheall na dualgais atá aici faoin bhunreacht a chur i bhfeidhm. Tá seacht mbliana aici anois an mhian sin a fhíorú agus, i ndiaidh feachtas beo bríomhar, beidh an lucht tacaíochta atá aici dóchasach go mbeidh sí ábalta sin a dhéanamh leis an fhuinneamh agus leis an daonnacht chéanna a léirigh sí ina feachtas. 

Close
Close