Cuireadh an dara heagrán de ‘Feirm an Phobail ’ar siúl in Iarthar Bhéal Feirste Dé hAoine.
Is i nGairdín an Phobail, atá lonnaithe in Uachtar Chluanaí in aice le Gael-Ionad Mhic Goill, a cuireadh an t-imeacht speisialta ar siúl. Bhí idir ghlasraí, thorthaí, arán taos géar agus uibheacha úrnua le ceannacht ar an lá.
Ní margadh feirme amháin a bhí i gceist leis an mhaidin áfach. Tugadh cuireadh do roinnt gníomhaithe atá bainteach le feachtais ar nós CATU Bhéal Feirste, New Script for Mental Health, Mothers Against Genocide, Take Back The City agus Cairde Palestine a bheith i láthair le stainnín eolais, agus bhí roinnt earraí ar díol ag cuid acu fosta. Cuireadh bia te ar fáil ón ghrúpa feachtasaíochta, The Kind Economy, grúpa teifeach agus lucht iartha tearmainn a bhfuil cosc orthu a bheith ag obair. Is minic a chuireann an grúpa bia galánta saor in aisce ar fáil do neart imeachtaí pobail timpeall Bhéal Feirste chun aird a dhíriú ar streachailt leanúnach na dteifeach.
Mhair an t-imeacht cúpla uair a chloig agus bhí an áit plódaithe le daoine de gach cúlra agus aois ó thús deireadh, agus pobal agus cairdeas láidir le mothú timpeall na háite. Bhí leamhacháin ar fáil lena dtéamh suas ag an tine champa do pháistí fosta (agus daoine fásta!).
Eagraíodh an t-imeacht i gcomhpháirt le Grow NI, Gairdín an Phobail, PPR (Participation and the Practice of Rights) agus Glór na Móna, mar chuid d’Fhéile na Carraige. Táthar ag súil go mbeidh sé ar siúl arís sna míonna amach romhainn, agus níos minice arís. Roinneadh na síntiúis go léir idir Gairdín an Phobail agus Thamra, eagraíocht atá ag obair in aghaidh an ghorta i nGaza trí tháirgeadh bia agus cearta talún a chur i bhfeidhm.
Is é a dúirt Seán Mac Bradaigh ó Ghairdín an Phobail linn:
“An rud atá muid ag iarraidh a thaispeáint ná gur féidir linn seilbh a ghlacadh ar thalamh s’againn, ar phobal s’againn, ar bhia s’againn, ar shláinte s’againn, agus gur féidir linn, le chéile, leis an mheon ‘Ná hAbair é, Déan é’, gur féidir linn sin a dhéanamh, agus feictear sin inniu. Tá muid ar bís.”