Poblacht ina nglactar le héagsúlacht tuairimí, sin mian Wolfe Tone

Concubhar Ó Liatháin

Nuair a tháinig sé amach go raibh Uachtarán na hÉireann tar éis diúltú do chuireadh freastal ar ocáid idir-eaglasta le comóradh a dhéanamh ar chríochdheighilt na hÉireann agus ar bhunú Thuaisceart Éireann, léim mo chroí le háthas. Bhí an ócáid le bheith ar siúl in Ardeaglais Ard Mhacha agus bheadh Banríon Eilís Shasana ag freastal air chomh maith.

Is dócha gur léim go leor croíthe le háthas mar gheall air seo – bhí sin soiléir ón méid a dúradh ar na meáin shóisialta, na glaonna is téacsanna a fuair cláracha raidió agus, fiú, an tacaíocht d’aon ghuth a fuair an tUasal Ó hUigín ó staraithe agus ó shaineolaithe dlí.

“Wham, bam, go raibh maith agat a Uachtaráin - thaispeáin sin dóibh, fair play duit!” Nó leagan eile dá leithéid.

Bhí an tUachtarán tar éis a nochtadh go soiléir ná raibh sé ar a shuaimhneas faoi chríochdheighilt na tíre agus is beag an chéim uaidh sin go talamh slán a dhéanamh de go raibh sé ar son athaontú na tíre. Sin mian mo chroí agus aisling go leor eile. Agus tá go leor a chreideann go bhfuil baint amach na sprice sin, comhlíonadh na haislinge á shéanadh mar gheall ar dhoicheall is ar dhrogall Rialtas na hÉireann faoin gceist.

Sea, tuigimid go léir go mbíonn siad ag rá gur mhaith leo athaontú na tíre a fheiscint agus, mar shampla, go gcreideann an Tánaiste, Leo Varadkar, go n-aontófar an tír le linn a shaoil. Ach creidimid freisin nach bhfuil ann seo ach caint san aer, nach bhfuil i gceist ach iarracht a dhéanamh ómós mar is cuí a thabhairt do na bá beannaithe.

Ach seo chugainn Uachtarán na hÉireann ag rá rud éigin a thuigimid mar dhearbhú soiléir ar an bhfreasúra don gcríochdheighilt agus, ní hamháin sin, ag beartú dá réir. Neart ár ngéag, glaine ár gcroí agus beart de réir ár mbriathar - trí threithe na bhFiann á léiriú in aon phearsa amháin.

I gcaitheamh an lae tar éis don Uachtarán a ráiteas a dhéanamh tháinig sé amach go raibh daoine ag easaontú leis an Uachtarán, a leithéid de dhánaíocht. Dúirt an t-iar-Thaoiseach, John Bruton, go raibh Uachtarán na hÉireann ag loic ar a dhualgaisí i leith an Bhunreachta mar ná raibh sé ag feidhmiú de réir threoir an Rialtais. Dearbhaíodh níos déanaí ar an Aoine go raibh seo mícheart, go raibh an tUachtarán tar éis eolas faoin gcuireadh go dtí an ócáid in Ard Mhacha agus a rún diúltú dó, agus an fáth leis sin, a sheoladh chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha go gairid tar éis dó an cuireadh a fháil i mí an Mhárta. Ach ní bhfuair sé aon comhfhreagras ar ais ón Rialtas agus mar sin ní raibh aon cheist go raibh sé ag diúltú do threoir an Rialtais. Ní raibh aon treoir ón Rialtas.

Ní hé nach dtugann an Rialtas treoir don Uachtarán ó am go chéile. Dhiúltaigh Taoiseach na linne, Cathal Ó hEochaidh, cead a thabhairt don Uachtarán Máire Mhic Roibín Léacht Jonathan Dimbleby a thabhairt ar chuireadh ón BBC. Tá an scéal iomráiteach ann freisin mar gheall ar an Uachtarán Cearbhall Ó Dálaigh a dhiúltaigh reachtaíocht a thabharfadh cead daoine cúisithe i leith coireanna a tharla ó thuaidh den teorainn a thabhairt os comhair na cúirte sna 26 chontae. Thug Aire Rialtais, Paddy Donegan, ‘thundering disgrace’ ar an Uachtarán (deirtear go raibh an abairt níos laidre ná sin arís) agus an toradh ar an obair ná éirí as an Uachtaráin Ó Dálaigh, dlíodóir a raibh seal cáite aige ina phríomhbhreitheamh ar an gCúirt Uachtarach.

Téann an scéal seo go cnámh na huillinne i ngach slí ar féidir leat a shamhlú. Is é an chríochdheighilt peaca na sinsear in Éirinn. Fágadh muintir náisiúnach/Caitliceach an Tuaiscirt leo féin céad bliain ó shin agus níl aon amhras ann gur brúdh faoi chois iad go brúidiúil agus, ar na rudaí a tharla, imríodh gach cleas chun a chur ina luí orthu a dteanga agus a gcultúr a thréigean. Dhiúltaigh siad dó sin agus choinnigh siad greim ar a gcultúr.

Meabhraíodh sin dom arís eile le déanaí nuair a bhíos ag leanúint chúntas Twitter CLG Thír Eoghain agus a gcuid ráiteas ar fad as Gaeilge le linn don gcontae a bheith páirteach sa chluiche ceannais.  Bheadh a gcúntas ina dheashampla do chontaethe Gaeltachta na 26 chontae.

Ach, seo an rud. An bhfuil an chaithréim a mhothaíonn daoine fén eachtra seo chun sinn a thabhairt i dtreo bua buan, is é sin aontú na tíre? Nó an bhfuil sé ag dearbhú na deighilte atá ann, ní hamháin an teorainn féin ach an caidreamh deacair míshuaimhneach atá idir ceannairí aontachtacha agus Rialtas na hÉireann, an pobal náisiúnach agus a cheannairí?

Nuair a chonac an drochíde a fuair John Bruton as ucht tuairim a nochtadh, mhothaigh mé fuacht.  Má bhionn Éire aontaithe uair éigin, an mbeidh cead ag daoine tuairim chontráilte a bheith acu, tuairim nach dtagann leis an mbuanaíocht? Más aon fhianaise é an méid a chonac ar Twitter is ar na meáin eile, bheadh sé deacair do dhaoine le tuairimí deacra mar a nocht John Bruton a bheith ar a chompord.

Ba é an rud eile a dúirt John Bruton go mba cheart don Uachtarán freastal ar an ócáid in Ard Mhacha mar dar leis ní bheadh sé ag ceiliúradh ná fiú ag comóradh na críochdheighilte ach ag aithint gur ann dó. Ócáid a bheadh ann agus an sprioc atá aige ná téarnamh is leigheas na scoilte.

Ní John Bruton amháin a fuair aird na dtroll. Bhí fearg dírithe ar na heaglaisí a d’eagraigh an ócáid, na páirtithe polaitiúla a mhol freastal ar an ócáid, Páirtí an Chomhghuaillíochta agus Aontachtóirí Uladh cuir i gcás.

Gan amhras bhain an DUP úsáid as an gconspóid agus tá a dteachtaireacht simplí: “Ba mhaith libh aontú linn – ach is fuath linn gach rud a seasann sibh ar a shon.”

Ní gá a rá go dtuigimid go bhfuil fuath ag páirtithe ar nós an DUP d’Éirinn is gach rud a bhaineann le cultúr na hÉireann.

Tá an t-amhras seo ar gach taobh ina chonstaic d’aontú na ndaoine ar an oileán agus tá sé ag marú na haislinge gur féidir linn an tír a aontú go polaitiúil.

Tá cead againn go léir aislingí a bheith againn agus oibriú i dtreo chomhlíonadh na n-aislingí céanna.

Tá feachtas ar bun comhrá a thosnú faoi aontú na tíre agus cruinnithe poiblí á reachtáil ag Todhchaí na hÉireann - beidh ceann i gCorcaigh ar an Satharn - ach má táimid i ndáiríre faoi aontú na tíre, caithfimíd díriú ar na deighilteanna is na scoilteanna idir daoine a mhaolú agus a chneasú an oiread agus is féidir.

B’fhéidir gur bua beag ab ea an méid a raibh le rá ag an Uachtarán an tseachtain seo caite sa mhéid is gur dhearbhaigh sé fiúntas aisling an aontaithe – ach tá an baol ann go bhfiul sé tar éis cur leis na constaicí atá romhainn agus sinn ag iarraidh an sprioc sin a bhaint amach.

Más poblacht í Éire Aontaithe nach dtugann spás agus fóram cainte d’easaontóirí ar na ceisteanna móra seo, cén sórt poblachta í? Ní poblacht Wolfe Tone a bheadh ann, sin cinnte.

Close
Close