Oireachtas Cois Cuain Chugainn

Dónall Mac Giolla Chóill

An tseachtain seo chugainn beidh Oireachtas na Gaeilge 2025 anseo i bpríomhchathair Ghaeilge Chúige Uladh don darna huair ó bhí 1997 ann.

Tá cuimhne inteacht agam ar Oireachtas na Samhna 1997 - bhí mé ann.

Cuimhne inteacht ach ní cuimhne ghéar cheart, agus ní bhaineann sin le himeacht na mblianta thar na hocht mbliana agus fiche sin, ach díobháil cuimhne déarfainn a bhain níos mó leis an líon piontaí a d’ól mé ag an am.

Roimh i bhfad beidh na céadta agus na mílte de Ghaeil na hÉireann agus iad siúd a chónaíonn tharr lear ag tarraingt orainn.

Beidh an baile mór seo Cois Cuain báite ag na Gaeil, iad ag Gaeilgeoireacht leo i lár an lae agus i lár na hoíche i lár na cathrach.

Beidh gach aon chanúint ó Chorca Dhuibhne go Croithlí le cluinstin, suas síos Mórshráid Victoria, agus ar fud na hAscaille Ríoga.

Is iomaí amhrán a bheas ráite agus is iomaí ceist faoi chás na Gaeilge a bheas socruithe fá thábhairní na cathrach.

Tá muid ábalta chuige ar an bhaile seo.

An uair dheireanach agus an mór-orgy teangeolaíochta seo ar siúl i mBéal Feirste, bhí míse i measc na mboc óg, maise bhí muid uilig óg dar linn ag an am.

An uair seo tá cuid againn ní ba shine, agus is léir dom gurb iad daoine níos óige ná míse atá ag eagrú rudaí ar na saolta seo, agus geallaim daoibh a thabharfaidh cuairt orainn, gur dream stuama siosmaideach iad na boic óga seo.

Tá fios a ngnóithe acu.

I mbliana, mar aon le gach bliain eile, nuair a bhíonn imeacht mar seo ar siúl agus na daoine céanna ag bailiú agus ag castáil le chéile, bíonn daoine in easnamh, daoine nach bhfuil ann níos mó.

Tá mé ag smaoineamh ar dhaoine nach mbeidh ann i mbliana, agus beirt acu a chaill muid le bliain anuas, beirt a raibh aithne agam féin orthu agus a chronóidh mé go mór, is iad sin Gearóid Ó Cairealláin agus Pádraig Ó Snodaigh, beirt Uachtarán de chuid Chonradh na Gaeilge. Uachtarán eile a bhí i lár an aonaigh in 1997 ná Albert Fry.

Agus ní bheidh Rónán Mac Aodh Bhuí ann a thuilleadh le muid a choinneáil ó chodladh na hoíche agus leaba theolaí agus na cosa ag titim fúinn.

Agus Manchán bocht uasal.

Imíonn daoine agus tagann daoine eile leis an spás dubh domhain sin a líonadh.

Cronóidh muid uilig daoine agus buailfidh muid le daoine nach bhfaca muid le fada. Déanfar cairdeas úr.

Agus seo uilig ar siúl idir ól, cheol, dhamhsa, sheachrán agus eile, caithfidh mé meabhrú do dhaoine gur ag tabhairt aghaidh ar Bhéal Feirste atá sibh.

Caithfear smaoineamh ar chuid de na bundúchasaigh atá ag cur fúthu ar an bhaile seo ó bhí an seachtú haois déag ann, pobal ar leith, daoine le sonrú.

Tá siad ann ar a dtugtar dílseoirí de chuid an lucht oibre orthu, agus seort ailléirge shaoithiúil mharfach acu orthu.

Aon uair a gcloiseann siad focal as Gaeilge tagann racht múisce agus fiú samhnas orthu.

Ardaíonn an brú fola go leibhéal contúirteach, agus bíonn siad ar a míchompord.

Chuala mé le seachtain anuas gur bhain comhartha dátheangach ag deireadh sráide áirithe sa chathair seo an oiread sin stangadh as fear bocht amháin, gur imigh na cosa faoi, gur bheagnach gur thit sé as a dhéanamh, agus gur chaill sé smacht ar an angle grinder a bhí á iompar aige.

Smaoiním ar na daoine bochta seo, ar mionlach beag iad, go háirithe agus deireadh seachtaine an Oireachtais ar siúl.

Smaoinigh, ní hamháin ar chanúint Uladh agus Bhéal Feirste a bheidh le cloisteáil, ach na Muimhnigh agus Connachtaigh inár measc.

Gach aon bhúir astú ina ngúthanna binne féin.

Fosta beidh mearbhall ar go leor de na bundúchasaigh seo, mar gur mó an cleachtadh acu ar líon áirithe léinte Chumann Lúthchleas Gael a aithint ar na sráideanna seo againne chomh maith le léinte Celtic, ach beidh daoine ó gach cumann áitiúil ag siúl thart agus dathanna an pharóiste a chaitheamh acu.

Beidh cúpla lá gnóthach againne, cúpla lá sultmhar, agus ar a laghad seachtain de dhíth le theacht chugainn féin ina dhiaidh, do dhaoine ar m’aoise agus níos sinne cibé.

Close
Close