Laura Heeney
Scoilt in Labour, scoilt sna Tóraithe, scoilt sa Ríocht. Tá an Bhreatain faoi bhrú agus tá ceist na hÉireann Aontaithe ag filleadh go láidir go croílár an phlé pholaitiúil. Le cúpla seachtain anuas, tá glaochanna agus guthanna ag teacht ó gach cúinne, cúinní nár chuala muid uathu roimhe.
Agus polaitíocht inmheánach Pháirtí an Lucht Oibre agus an Pháirtí Choimeádaigh ina cíor thuathail, tá glór na náisiúnaithe níos airde ná mar a bhí le fada.
Le tamall tá aird á díriú ar Nigel Farage agus ar an tionchar a d’fhéadfadh méadú cumhachta Reform a imirt ar cheist na hÉireann Aontaithe. Bíodh sé lena leas nó lena aimhleas, ní coincheap imeallach é a thuilleadh.
Tá beagnach 60 milliún duine ina gcónaí i Sasana. Ar an 7 Bealtaine bhí toghchán i 136 chomhairle áitiúla timpeall na tíre, le 5,000 suíochán ar fáil do na polaiteoirí éagsúla. I bhfianaise na dtorthaí a fuarthas, tá an córas polaitiúil mar a bhí sé ag titim as a chéile. Seo mar a sheas an scéal ag deireadh na dtoghchán:
- Chaill Labour 1,229 suíochán, rud a fhágann 1,068 acu anois.
- Chaill na Coimeádaigh 433 shuíochán agus tá 801 acu anois.
- Ghnóthaigh na Lib Dems 142 shuíochán, rud a thug 844 dóibh san iomlán.
- Ghnóthaigh Reform UK 1,372 shuíochán nua agus tá 1,454 chomhairleoir acu anois.
- Ghnóthaigh na Glasaigh 393 shuíochán agus tá 587 acu anois.
- Tá 293 shuíochán ag páirtithe eile, laghdú 241.
Anois agus talamh an rialtais chomh leochaileach is atá sé, tá páirtithe eile ag tapú na deise. In alt a foilsíodh ar The Irish News, tharraing Michelle O’Neill aird ar an chomhthuiscint pholaitúil atá ann anois idir an Chéad-Aire i dTuaisceart na hÉireann, sa Bhreatain Bheag, agus in Albain, ó thaobh idé-eolaíocht an náisiúnachais de agus an triúr sna róil sin ar son neamhspleáchais den chéad uair.
Maidir le Rialtas Bhaile Átha Cliath, thug Micheál Martin cuairt ar Bhéal Feirste ar an 7 Bealtaine - an lá céanna a tháinig na drochthorthaí toghcháin do Labour i Sasana. Dúirt an Taoiseach go bhfuil ról lárnach ag Comhaontú Aoine an Chéasta 1998 i ngach gné d’obair a rialtais, agus go bhfuil sé tiomanta a bheith ag obair go leanúnach i dtreo an athmhuintearais.
I mí an Mhárta, rinneadh pobalbhreith ar líne le 1,200 rannpháirtí ó thuaidh agus ó dheas ar oileán na hÉireann maidir leis an Aontas Eorpach agus ceist na hÉireann Aontaithe.
Sa phobalbhreith, cuireadh an cheist maidir le reifreann ar Éirinn Aontaithe taobh istigh den Aontas Eorpach. Dá mbeadh an reifreann ar siúl amárach, dúirt 59% sa Deisceart go mbeadh siad ar a shon, agus 22% ina choinne. Bheadh 63% sa Tuaisceart ar a shon agus 29% ina choinne.
Maidir le Farage agus Éire Aontaithe, agus cúrsaí polaitíochta mar atá siad le coicís anuas, is féidir amharc air ar dhá bhealach.
Dá mbeadh an reifreann sin ann amárach, an mbeadh daoine sa Tuaisceart compordach le Farage mar cheannaire orthu? Is é sin le rá, an mbeadh siad chomh compordach céanna vótáil chun fanacht mar chuid den Ríocht Aontaithe faoi chóras polaitiúil difriúil?
Agus an pheirspictíocht eile, ná seasamh Farage é féin; is topaic lárnach é an Breatimeacht i bhforógra Reform, agus i measc a lucht tacaíochta. Tá an páirtí an-dírithe fosta ar náisiúnachas Shasana.
Tá sé ráite aige féin go bhfuil Éire Aontaithe ‘dosheachanta’. Dúirt sé nach bhfuil sé sásta lePrótacal an Tuaiscirt, nár mhaith leis teorainn chrua, go n-athródh sé Comhaontú Aoine an Chéasta mar gheall ar an Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, agus tá físeán féin-taifeadta dó ann, a rinne sé mar bhronntanas breithlae do dhuine ar Cameo, ina ndeir sé ‘Up the Ra’. Lena chois sin tá fianaise ann dó agus é ag rá rudaí ar nós ‘I personally will be endorsing Ian Paisley and Sammy Wilson’.
I mbeagán focal, tá sé deacair a thuiscint cá seasann sé i ndáiríre maidir le hÉirinn Aontaithe, agus b’fhéidir gurb é sin mar gheall nach bhfuil a fhios aige féin. Seans go bhfaighidh muid amach go luath.
Beidh an chéad olltoghchán eile sa Bhreatain ar siúl in 2029. Má leanann an luaineacht pholaitiúil seo ar aghaidh, d’fhéadfadh ceist na hÉireann Aontaithe bogadh níos gaire do chroílár pholaitíocht na Breataine ná mar a d’fhéadfaí a shamhlú fiú tamall gairid ó shin. Cad é a d’fhéadfadh tarlú sna trí bliana amach romhainn?



