Tá Gaeilge ag Ardmhéara nua Bhéal Feirste agus tá sí in ann labhairt faoin saol mór in dhá theanga. Sin an an cineál sochaí atá á cruthú ó thuaidh, a scríobhann Ciarán Ó Pronntaigh.
Ní hí Róis-Máire Donnelly an chéad Ardmhéara a bhí líofa sa Ghaeilge, ar ndóigh. Buíochas le Dia, níor fhan muid chomh fada sin lena leithéid tarlú. Ach tá tábhacht le ceapadh Róis-Máire Donnelly inniu nó tagann sé ag am a bhfuil atmaisféar i bhfad níos fabhraí sa Chomhairle agus taobh amuigh di i leith na Gaeilge.
Tá an Chomhairle lárnach sna heagrúcháin atá faoi lán seoil anois d’Fhleadh Cheoil na hÉireann a bheas ar siúl sa chathair ag tús mhí Lúnasa. Ócáid ghaelach a bhíonn ann, gan amhras, agus beidh an Ghaeilge in uachtar ag cuid mhaith dá mbeidh ag titim amach. Taobh amuigh de bhaicle bheag Aontachtaithe nach bhfeicfidh choíche maitheas i rud ar bith gaelach, tá glacadh go forleathan leis an Fhleadh mar cheiliúradh cultúir. Ní miste tagairt don obair chrua a chuir Comhaltas Ceoltóirí Éireann isteach san íomhá sin le go mbeadh ócáid fháilteach oscailte ann gach bliain.
Ní béal bán ná cur i gcéill a bheas ann nuair a chuirfidh Róis-Máire fáilte oifigiúil Ghaeilge roimh chuairteoirí agus is cinnte go mbeidh an teanga chun cinn aici ag gach ócáid phoiblí. Beidh bród ar mhuintir Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh gur éirigh go geal le hiardhalta eile dá gcuid, ní hamháin go bhfuil Gaeilge ar a toil aici ach go bhfuil sí sásta í féin a fhéinaithint mar chuid den phobal teanga atá ag múnlú na sochaí na laethanta seo.
Le rófhada, bhí an Ghaeilge ar an imeall anseo. Bhí lá ann, agus ní céad bliain ó shin a bhí sé, nuair a bhí toirmeasc, chóir a bheith, ar úsáid na Gaeilge i Seomra na Comhairle. Gach uair a labhair duine Gaeilge ann, thosaigh an bhéicíl agus an scairteadh. Atmaisféar nach raibh ag teacht leis an chothromas, go deimhin, ná leis an chomhoibriú ach oiread. Is mór mar a d’athraigh rudaí ó shin. Tá sé beartaithe ag Comhairle Bhéal Feirste polasaí nua Gaeilge a thabhairt isteach. Agus cé nach cáipéis radacach atá ann, tugann sé aitheantas don teanga sa Chomhairle nach raibh aici ó cuireadh tús leis an stát ó thuaidh.
Ach bhí rud amháin faoin tuairisceoireacht ar scéal cheapachán an Ardmhéara nua nár thaitin liom, caithfidh mé a admháil. Ní dóigh liom gur le mailís a rinneadh é ach is rud é a gcaithfimid a bheith airdeallach faoi. Is é sin an dóigh a gcuirtear daoine a bhfuil Gaeilge acu i mbosca, amhail is nár bhain dá saol ach an teanga. Tá céim ag Róis-Máire sa tSíceolaíocht, mar shampla, agus bíonn sí ag obair le daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte orthu agus sainriachtanais oideachais, i measc rudaí eile. B’fhéidir nár chuala tú gur bainisteoir í ar eagras a úsáideann spórt agus gníomhaíochtaí dearfacha le cuidiú le daoine óga i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste. Dúirt sí féin go ndíreoidh sí a haird le linn a téarma ar dhaoine óga agus na costais mhaireachtála mar aon le foréigean in éadan na mban agus cailíní.
Agus tá Gaeilge aici. Tá sí ábalta labhairt faoi na rudaí seo i gceachtar den dá theanga. Sin an cineál sochaí atá á cruthú againn anois, sochaí ina mbeifear ábalta plé go nádúrtha leis an saol agus na fadhbanna atá le réiteach i nGaeilge agus beidh an tsochaí níos saibhre mar gheall air sin. Ar an drochuair, tá meon ann go fóill nach féidir an dá thrá a fhreastal agus b’fhéidir go bhfuil sin intuigthe ag dream aonteangach nach bhfeiceann go n-osclaíonn dhá theanga an domhan amach dúinn seachas é a chúngú. Is den tábhacht go scaipfear an teachtaireacht sin go glé agus go glinn.
Mar a tharla, d’fhógair an Ball Tionóil Patsaí Mac Giolla Eoin ar na mallaibh go raibh sé chun éirí as an pholaitíocht ag an chéad toghchán eile. Gael go smior atá ann, ar ndóigh, ach is sampla maith é den pholaiteoir éifeachtach a bhfuil Gaeilge aige. Sheas sé leis an Ghaeilge ach sheas sé le fiche rud eile ag an am céanna. Go raibh tuilleadh de chineál Phatsaí agus Róis-Máire againn i bparlúis agus dorchlaí na cumhachta amach anseo!



