Katie Saoidhbh McGreal
Nuair a bhí mé óg dúirt mo mháthair liom go ndearna mé cinntí go róthapa. Dúirt sí gur cheart dom smaoineamh ar rudaí sula ndearna mé aon chinneadh fúthu. Níor thuig mé sin ag an am. Níor thuig mé céard a bhí i gceist aici. Má bhí mé ag iarraidh rud éigin ar leith a dhéanamh, ní raibh aon ghá le tuilleadh smaointeoireachta faoi. Bhí an cinneadh déanta.
Tuigim anois cad a bhí ann áfach. Ó bhí mé an-óg bhí mianta mo chroí ar eolas agam. Bhí a fhios agam cén cinneadh a bhí le déanamh agus níor ghá dom smaoineamh air mar go raibh rud éigin ionam ag insint dom céard a bhí le déanamh; iomas, mian mo chroí, an glór inmheánach, cibé ainm atá agat air. Chuala mé an glór beag sin i gcónaí agus níor thuig mé nár ghnáthrud é. Níor thuig mé go raibh ar dhaoine eile smaoineamh ar rudaí roimh chinneadh a dhéanamh. Sin mar a bhí mo mháthair agus, mar sin de, ghlac sí leis gur mar sin a bhí mise chomh maith.
Bíonn ár gcroí, nó an t-iomas, ag labhairt linn i gcónaí. Is é atá ann ná an guth beag sin istigh ionat féin is eol dó céard é an rud ceart duitse. An glór beag sin a bhíonn clúdaithe go minic ag an nglór callánach a bhíonn ag béiceadh an t-am ar fad ‘ba cheart duit seo a dhéanamh’, ‘ní maith leis an duine sin thú’, ‘rinne tú sin mícheart’.
Agus anuas ar na smaointe nach gcabhraíonn, táimid uilig an-ghnóthach agus ag rith ó rud amháin go dtí an chéad rud eile. Is minic a bhíonn an t-iomas múchta.
Conas is féidir linn mar sin mianta ár gcroí a aithint agus an glór beag sin a aimsiú?
Má bhíonn smaointe ag dul trí do chloigeann an t-am ar fad, mholfainn duit iad a scríobh síos. Tóg amach leabhar nótaí agus peann agus tosaigh ag scríobh go díreach.
Ní gá go mbeadh ciall leis an méid a scríobhann tú, ní gá na focail a litriú go maith ná go mbeadh siad inléite, táimid díreach ag iarraidh na smaointe ar fad atá i do chloigeann a thabhairt amach as agus iad a chur ar pháipéar.
Na smaointe a thiocfaidh amach ar dtús, is dócha gurb é an glór callánach a bheidh taobh thiar díobh. Ach más féidir leat nós a dhéanamh den chleachtadh seo, éireoidh do chloigeann níos ciúine de réir a chéile agus beidh sé níos éasca duit mianta do chroí a chloisteáil.
B’fhéidir go mbeifeá ag iarraidh scríobh ar feadh 5 nóiméad, 10 nóiméad nó níos mó. Scríobh an méid is mian leat, ní gá duit srian a chur leis, déan an rud a mhothaíonn go maith duitse. D’fhéadfá seo a thriail ar ríomhaire freisin. Oscail doiciméad agus tosaigh ag clóscríobh.
Oibríonn rudaí difriúla do gach duine, mar sin, bain triail as bealaí éagsúla le teacht ar an rud a oibríonn duitse.
Cabhróidh aireachas leat éisteacht le mianta do chroí freisin mar is deis é an cleachtadh aireachais suí nó luí síos go ciúin leat féin. Tabharfaidh an t-am seo seans duit éisteacht leis an méid atá an guth beag sin ag rá.
Má tá cúnamh uait maidir le teacht ar an mbealach is fearr duitse, cuir scéal chugam ag [email protected] agus feicfimid cén chabhair is féidir liom a thabhairt duit.
Má dhéanann tú seo, beidh saol níos sultmhaire agus níos fearr agat. Ní bheidh aiféala ort go ndearna tú an obair seo.



