Ní mór ciníochas struchtúrtha SAM a bhaint dá chéile

Ciarán Ó Pronntaigh

In am an ghátair, déanann daoine éachtaí. Agus rinne Darnella Frazier, bean 17 mbliana d’aois, éacht lena guthán. Gan an eachtra a scannánú, bheadh cás George Floyd caite i leataobh, mar a tharla sna mílte cás roimhe. Níorbh é sin an chéad uair a dhúnmharaigh na péas duine gorm sna Stáit Aontaithe ach seo an chéad uair a bhí fianaise dhoshéanta ann gur tharla sé os comhair daoine i lár an lae ghil.

Agus ba ghairid go raibh an físeán le feiceáil ar ghutháin daoine ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Bhí an cat imithe ón bhosca. Ba dhoiligh gníomh marfach Derek Chauvin a chosaint agus thit sé ar na húdaráis gníomhú leis an phéas a chúiseamh. Na laethanta a lean an dúnmharú, bhí na mílte duine amuigh ar na sráideanna agus bhí feachtas Black Lives Matter faoi lán seoil. Bhí ceist an chiníochais i lár an aonaigh arís agus bhí ról na bpéas faoi mhionscrúdú.

Ach cad é an difear a dhéanfaidh fíorasc ciontachta Derek Chauvin? Má amharcaimid ar na figiúirí faoi líon na bpéas a chiontaítear i ndúnmharú daoine gorma, feictear gur eisceacht amach é cás Chauvin. Is annamh ar fad a tharlaíonn a leithéid agus bíonn leibhéal an-ard fianaise de dhíth le cás a thógáil, fiú. Ní dhearna daoine dearmad go bhfuarthas na péas neamhchiontach i gcás Rodney King. Ar bhealach, léiríonn cás George Floyd cé chomh briste is atá an córas, ní a mhalairt. An tseachtain chéanna agus a thug an giúiré an fíorasc ciontachta, bhí na péas páirteach i níos mó ná cás amháin inar scaoileadh duine gorm marbh.

Déarfaidh na péas go bhfuil an obair s’acu contúirteach agus go scaoileann coirpigh leo ar bhonn laethúil. Ní mór dóibh a bheith daingean agus iad amuigh ar na sráideanna, dar leo. Ach léirigh marú brúidiúil George Floyd an cineál dímheasa atá á fhulaingt ag an mhuintir ghorma. Fiú nuair a bhí daoine ag iarraidh cuidiú le George Floyd agus é ag rá nach raibh sé ábalta análú, bhagair na péas orthu go dtógfaí iad chomh maith. In ionad an péas a bheith mar sheirbhís a chuidíonn le daoine, chonaic muid aghaidh ghránna na tíorántachta.

Chuala muid mana nua sna léirsithe a bhí in achan stát – ‘dímhaoinigh an péas’. Tá an pobal gorm ag iarraidh an cheist faoi smacht póilíneachta a thógáil anois ach tá na húdaráis ag troid ina éadan. Tógadh ceist an chothromais agus an córas struchtúrtha atá i bhfeidhm a dhéanann cinnte de go mbíonn an chomhréir de dhaoine gorma sa phríosún i bhfad i bhfad níos airde ná mar atá líon na ndaoine geala. Ach tá an scéal sin níos deacra a insint. Chuidigh an físeán a ghlac Darnella aird ar an dóigh a gcaitear leis an phobal ghorm ach tá obair le déanamh go fóill leis an scéal a chur ina cheart.

An t-am deireanach a raibh Noam Chomsky in Éirinn, thug sé óráid i gColáiste Mhuire, Béal Feirste. Labhair sé ar an dóigh a ndearnadh tromaíocht ar an phobal ghorm leis an lámh láidir ó cuireadh deireadh leis an sclábhaíocht sna Stáit Aontaithe. B’fhéidir go bhfuil aisling againn ar chúl ár n-intinne go raibh briseadh na slabhraí ann agus gur bhain na hiarsclábhaithe flaithis ar domhan amach. Ach ní mar sin a thit rudaí amach. Mar a tharla, d’fhan cuid mhaith acu ar na plandálacha céanna ina raibh siad, ag saothrú leo do na máistrí céanna ar bheagán beag airgid. Ní raibh mórán roghanna eile acu.

Agus, dar le Chomsky, chruthaigh an stát córas dlí agus córas eacnamaíochta a choinnigh an pobal i slabhraí ach slabhraí dofheicthe, agus leanann sin go dtí an lá inniu. Glac mar shampla, na hiarrachtaí atá ar siúl faoi láthair ag Poblachtaigh in Georgia, leis an líon vótálaithe a ‘shrianadh’ trí bhacanna a chur ar na cearta vótála. Ceann acu ná gan cead vótála a thabhairt do dhuine ar bith a bhí riamh i bpríosún, rud a thiteann níos mó ar an phobal ghorm, ar ndóigh.

Go dtí go ndéantar iarracht an ciníochas struchtúrtha atá forleathan sna Stáit a bhaint dá chéile, ní bheidh i gceist le cás Derek Chauvin ach eisceacht a thabharfaidh leithscéal do dhaoine geala smaoineamh go bhfuil an córas cothrom.

Close
Close