Na “Fighting Irish” - moladh nó masla?

Clíodhna Ní Chorráin

The Fighting Irish. Is aisteach an téarma é sin don té nach bhfuil cur amach aige ar fhoirne spóirt Ollscoil Notre Dame, Indiana SAM.

Tá bliain acadúil beagnach curtha díom anseo i Notre Dame, agus mé ag teagasc na Gaeilge ar scoláireacht Fulbright. Agus deireadh na bliana ag druidim linn, tá am agam a bheith ag machnamh ar an eispéireas. Ba mhór an phribhléid dom teanga agus cultúr na hÉireann a scaipeadh agus a chothú sna Stáit Aontaithe. Ó ranganna Gaeilge, Ciorcail Chomhrá agus Céilithe, go comhdhálacha náisiúnta, bhí bliain den chéad scoth agam ar an taobh seo den domhan.

Caithfidh mé a admháil, áfach, nach raibh mé réidh leis an oiread “Irish” a fheiceáil ar champas Notre Dame. Sular tháinig mé anseo anuraidh, bhí roinnt daoine i ndiaidh a insint dom gur “The Fighting Irish” an leasainm a thugtar ar fhoireann peile Meiriceánaí na hollscoile, ach ní raibh cliú dá laghad agam cad é a bhí romham. Bíonn an focal “Irish” scríofa ar gheansaithe, ar stocaí, ar mhálaí, ar chupáin, ar ghreamáin, ar chomharthaí ollscoile, gach áit. Bíonn an chuid is mó den chlann léinn anseo gléasta go laethúil in éadaí Notre Dame, iad bródúil go deo as na “Fighting Irish”. Cén fáth faoin spéir, a dúirt mé liom féin, a bhfuil an leasainm sin acu?

Tá go leor teoiricí ann maidir le bunús leasainm oifigiúil Notre Dame. Insítear i gcuntas amháin gurbh iad na saighdiúirí inimirceacha as Éirinn a throid ar son an Aontais le linn an Chogaidh Chathartha san “Irish Brigade” a chum an leasainm “Fighting Irish” den chéad uair agus iad i mbun troda. Bhí an tAthair William Corby ina shéiplíneach ar an Bhriogáid, agus ina dhiaidh sin bhí sé ina uachtarán ar Notre Dame.

Tugann dearbhú eile le fios go dtéann an chéad úsáid a baineadh as an leasainm siar go cluiche peile Notre Dame in éadan Michigan in 1909. Agus iad ag cailleadh an chluiche ag leath-am, deirtear gur scairt ball den fhoireann ar a chomhimreoirí - a raibh ainmneacha orthu mar Dolan, Kelly, Glynn agus Ryan: “What’s the matter with you guys? You’re all Irish and you’re not fighting worth a lick”. I ndiaidh do Notre Dame an cluiche a bhuachaint, chuir tuairiscí nuachta an bua i leith na “Fighting Irishmen”.

Ní haon rún é gur caitheadh le hÉireannaigh mar shaoránaigh den dara grád nuair a tháinig siad go Meiriceá sa 19ú haois. I rith na 1900í luatha, ba mhinic a thagair na meáin d’fhoirne Notre Dame mar “Chaitlicigh”, “Papists” nó “Dirty Irish” mar mhasla ciníoch — toisc gur inimircigh eitneacha Chaitliceacha de bhunadh na hÉireann is mó a bhí i ndaonra na scoile. De réir mar a tháinig rath agus bua ar an fhoireann peile faoi cheannas Knute Rockne, thosaigh na mic léinn ag baint úsáid as an mhasla suarach, gránna mar mhanna s’acu féin, ag glacadh seilbh air mar léiriú bróid.

Téann tagairt eile don leasainm “Fighting Irish” siar go dtí an bhliain 1924 nuair a thug mic léinn Notre Dame aghaidh ar an Ku Klux Klan. Ag an am, bhí an bhallraíocht KKK ba mhó i Meiriceá ag stát Indiana. D'fhógair an grúpa ciníoch a gcuid pleananna le paráid agus picnic a reáchtáil in South Bend, áit a bhfuil Notre Dame suite, agus an ceantar is Caitlicí sa stát. Mhol údaráis na hollscoile do mhic léinn neamhaird a dhéanamh den Klan agus fanacht ar champas. Neamhaird a rinne na mic léinn, ach ar chomhairle na hollscoile. Ghlac timpeall 500 mac léinn seilbh ar shráideanna na cathrach agus rinneadh ionsaí ar lucht an KKK, iad uilig ann in arm is in éide. Círéib, tóir, rírá agus ruaille buaille.  Ní raibh stop ar bith leis na mic léinn, ag sracadh róbaí na léirsitheoirí agus ag briseadh fuinneoga le prátaí. Thiomáin deireadh seachtaine na gcíréibeacha an Klan amach as South Bend agus is cinnte gur chuidigh sé le deireadh a chur le teacht i dtreis an KKK in Indiana. Níor gearradh pionós de chineál ar bith ar na mic léinn riamh, ach a mhalairt ar fad. Chuir Uachtarán na hOllscoile ag an am, an tAthair Matthew Walsh C.S.C. fáilte roimh na mic léinn nuair a tháinig deireadh leis an oíche, á moladh ina óráid, “Whatever challenge may have been offered tonight to your patriotism, whatever insult may have been offered to your religion, you can show your loyalty to Notre Dame and to South Bend by ignoring all threats.”

Faoin bhliain 1927, ghlac an tAthair Walsh go hoifigiúil leis mar leasainm na hollscoile. Ina ráiteas, dúirt sé, “The university authorities are in no way averse to the name ‘Fighting Irish’ as applied to our athletic teams… I sincerely hope that we may always be worthy of the ideal embodied in the term ‘Fighting Irish.’

Mar sin, cé gur aisteach an leasainm é d’ollscoil Mheiriceánach, agus cé go bhféadfaí glacadh leis mar mhasla, is le hiar-Uachtarán na hÉireann, Mary McAleese, a thaobhaim féin. Sa bhliain 2006, in oráid a thug sí ag Notre Dame, dúirt sí,  "The language you use here, the ‘Fighting Irish’ … what we actually mean mostly when we talk about it is an indomitable spirit, a commitment, never tentative, always fully committed, to life itself… that's really the spirit of the Fighting Irish."

Anois, is scéal eile ar fad é an leipreachán mar shonóg, agus téama do lá éigin eile é!

Close
Close