Is gá a bheith ar an airdeall agus sinn ar na meáin neamhshóisialta

Michelle Nic Pháidín

Suíonn girseach óg ina seomra i mbloc árasáin i mBaile Átha Cliath. Tá sí ag caint le cara úr ar Snapchat, síleann sí. San árasán fúithi, tá na soilse múchta ach feictear soilse ón teilifís ar aghaidheann lánúine. Tá sise ar a fón, ag scríobh chuig fear a bhfuil fonn uirthi gnéas a bheith aici leis. Níl a fhios ag a fear céile atá ina shuí taobh léi. Trasna uatha in árasán eile tá bean óg ar bheagán éadaí ag cur pictiúir di féin chuig stócach. Tá seisean san i ndeisceart na cathrach, agus ag cur pictiúir na girsí ar aghaidh ag a chuid cairde ar ghrúpa Whatsapp.

Sin thuas píosa samhlaíochta uaimse ach tuigeann sibh go bhfuil rian den fhírinne ann agus sin an rud atá scáfar.

Tá an saol athraithe. Is gréasán mór amháin atá ann agus tá muidine uilig inár gcuid de, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile.

Ar an iomlán tá 95% de dhéagóirí ceangailte leis an idirlíon agus baineann 85% díobh úsáid as na meáin shóisialta lá atá ann inniu.

Léiríonn statisticí as broadbandsearch.net gur iompaigh 9% d’ógánaigh a ndearnadh cibearbhualaíocht orthu ar an ól nó ar dhrugaí de bharr na drochbhaile a tugadh orthu ar líne. Léiríonn an taighde céanna gur smaoinigh 29% do na hógánaigh a ndearnadh cibearbhualaíocht orthu lámh a chur ina mbás féin agus ar an drochuair thainig imní shóisialta ar 41% d’ógánaigh mar gheall air. Léiríonn staidéar eile go raibh 73% de dhéagóirí den bharúil go raibh cibearbhualaíocht déanta orthu.

Níl na réaltaí fiú ábalta éalú ó na troill ar líne. Bhí clár ar an teilifís ar na mallaibh a raibh an-éileamh go deo air, ‘Married at First Sight Australia’. Triail shóisialta a bhí ann ar bhealach ina ndearna saineolaí daoine a chur le chéile agus a phósadh de réir an eolais a bhailigh siad fúthu. Ansin tugadh an deis don lucht féachana fáil amach cad é mar a d’éirigh leis na caidrimh.

I lár an sraithe, thit beirt i ngrá le chéile, dar leo, Dan Webb agus Jessika Power, agus thosaigh siad ag feiceáil a chéile i ngan fhios do na daoine a raibh siad pósta orthu. I ndiaidh an chláir thosaigh daoine ag gearán fúthu. Bhí fonn orm féin a fháil amach an raibh an bheirt fós le chéile mar sin thosaigh mé ag leanúint Jessika ar cheann de na meáin shóisialta - chuir an méid a bhí daoine a rá fúithi isteach go dtí an chnámh ionam.

Cinnte, admhaím nach raibh an méid a bhí déanta ag an mbeirt ceart. Gortaíodh daoine dá bharr ach, go foill beag, bhí na focail a bhí in úsáid fúithi samhnasach fabhtach. Bhí nimh leo. Rinne mé rud nach ndearna mé morán roimheagus chuir mé mo ladar sa scéal, agus d’iompaigh siad ormsa.

I ndeireadh na dála, d’fhiafraigh mé díobh dá mbeadh drochimpleachtaí ag an mhéid a bhí said a rá leis an bhean óg, an mbeadh siad sásta freagracht a ghlacadh? Chuir seo deireadh lena gcuid cearmansaíochta. Is furasta a bheith ag déanamh beag de dhaoine ach tá sé i bhfad an iomarca níos deacra seasamh leis an mhéid atá ráite agat nuair atá damáiste déanta.

Tá a fhios agam go bhfuil leithéidí Facebook Jail ann nó chaith mé féin tréimhse ann, gan chúis. Scaoil siad saor mé i ndiaidh cúpla lá ach d’fhag na laethanta sin lorg orm. Níl a fhios agam go fóill cad chuige a gabhadh mé nó cén diabhal rud a rinne mé ach, gan cheist gan fiafraí, cuireadh faoi ghlas mé. D’ainneoin go ndearnadh éagóir ormsa is cinnte go bhfuil a leithéid de dhíth ar chorrdhuine agus, fiú cosc saoil de dhíth ar chuid acu. Tá mé saor anois ach tá a fhios agam go bhfuil taifead de mo mhí-iompar i néal inteacht agus go bhfuiltear ag coinneál súil orm.

D’ainneoin na ngearán sin uilig, caithfear a rá go mbeadh muid caillte gan na meáin i rith na paindéime. Chonaic muid seandaoine istigh i dtithe altramais ag caint lena gclann ar na meáin shóisialta. Feiceann muid scoláirí ar tí scrúduithe a shuí ag cuidiú le chéile trí na hardáin seo.

Tá go leor maitheasa le maistreadh astu ach caithfear a bheith cúramach agus súil ghearr a choinneáil ar ár gclann agus ar ár gcairde i gcónaí. 

Close
Close