Fógra Gillette agus an ‘ridireacht bhán’

Seaghan Mac an tSionnaigh

Ón bhfocal Gaeilge ‘sluaghairm' a tháinig an focal Béarla ‘slogan', agus tháinig ré na sluaghairme i mbláth ar fad sa bhfichiú haois nuair a thosnaigh comhlachtaí agus eagraíochtaí ag baint leas níos forleithne as a leithéid ina gcuid cleas margaíochta.

“Arán an lae inniu chugat inniu" mana Arán Uí Bhraonáin.

“The Best a Man Can Get" mana an bhranda rásúr Gillette.

Ba léir gur bhain féidearthachtaí leis an gceann deireanach sin ó thaobh an phlé reatha ar “fhireannacht thocsaineach” a fhorbairt a thuilleadh, agus ba ghearr an mhoill ar Gillette féin tabhairt fén dúshlán.

Cleas margaíochta de shórt eile é seo – plé poiblí ar do chleasa margaíochta féin a thosnú.

Is ea, chuir Gillette amach le déanaí físeán ina dtaispeántar sraith eachtraí ar samplaí maithe gach ceann díobh dá bhfuil i gceist leis an rud ar a dtugtar “fireannacht thocsaineach".

Buachaillí beaga dána ag crústáil a chéile ar an dtalamh, fir lánfhásta ag breith greim ar thóin ban, agus fear gnó i mbun fearmhínithe dá chomhghleacaí baineann.

“Boys will be boys" an mana achrannach a chuireann le hiompar frithshóisialta mar é i measc na bhfear dar le Gillette.

Ach más iad na fir féin a iompraíonn iad féin ar an gcuma seo, is iad na fir mar dhea atá thíos i ndeireadh thiar.

An chéad radharc ar fad sa bhfíseán ná fir éagsúla agus iad go dubhach brónach ag féachaint orthu féin agus ar a gcuid fireannachta sa scáthán.

Tuigeann siad cén géarghá a bhaineann le cúrsaí a athrú chun feabhais, agus is é an tarna cuid den fhíseán a léiríonn dúinn conas mar a thitfeadh na heachtraí thuasluaite amach gan an fhireannacht thocsaineach a bheith i réim.

Tá saghas tuairim agamsa go bhfuiltear ag dul thar fóir le fireannacht thocsaineach i láthair na huaire, ach ba dheacair dom an tuairim sin a chosaint - mé im shuí ar thraein á scríobh seo agus buíon ógfear gleomhar sna fichidí déanacha as a meabhair le gáirí, scréach agus flirteáil neamhchuí leis an bhfreastalaí.

Bhain conspóid leis an bhfíseán seo ó Gillette.

Mr. Reagan, údar agus YouTubeoir, is fearr a chaith solas ar nádúr na conspóide seo ina fhíseán scigaithrise a thug le fios gur cineál fearmhínithe de shórt eile é an físeán ‘oideachasúil’ seo ó Gillette.

Ábhar imní eile a chuireann Mr. Reagan ar ár súile ná gur drochbhuachaill ceart a dhéantar den fhear geal agus den fhear geal amháin sa bhfíseán.

Ag an bhfear geal is mó atá cumhacht sa tsaol seo a déarfadh duine eile, ach nár chóir go mbeimís ag cur i gcoinne próifiliú a dhéanamh ar dhaoine de réir a gcraicinn nó de réir a n-inscne?

Ní féidir éagóir a chur ina cóir le héagóir eile a deir an seanfhocal.

Mo thuairim féin ná gur ‘ridireacht bhán’ atá sa bhfíseán, agus ceann des na príomhthréithe a bhaineann le ‘ridire bán’ ná go dtugann sé le fios a bheith ar son chúis na mban go poiblí ar mhaithe lena stádas sóisialta féin, ach a chuireann a dhrochmheas ar mhná in iúl ar shlite eile.

Míniú suimiúil ar choincheap na ridireachta báine in urbandictionary.com don té ar spéis leis a leithéid.

Thabharfá scata ridirí bána fé ndear ar na meáin shóisialta Éireannacha ach a bheith oilte ar iad a aithint.

Ridireacht bhán atá sa bhfógra seo atá déanta ag Gillette ar aon chuma – iad ag éileamh go n-athródh dearcadh na bhfear i leith na mban, ach iad ag éileamh fós go n-íocfaí praghas níos airde ar na hearraí rásúir a dhíoltar le mná le hais earraí na bhfear.

Ainneoin táirgí á ndíol riamh acu le idir fhir is mhná, is é ‘The Best a Man Can Get’ a mana fadó riamh.

Cén bhaint idir comhlacht rásúr agus caidrimh idirinscne, dála an scéil?

Comhlacht a chuireann in iúl gur ‘fearr’ fear gan féasóg?

Gur ‘fearr’ bean chosbhearrtha?

Comhlacht a dhéanann brabús as cultúr náiriú an choirp?

Caith uaim mar scéal é!

Close
Close