Cluas le héisteacht

Ciarán Ó Pronntaigh

Na daoine ar tháinig toradh an olltoghcháin aniar aduaidh orthu ag an deireadh seachtaine, caithfidh nach raibh siad ag éisteacht.

Bhí na príomhfhadhbanna i mbéal an phobail le tamall. Tá líon na ndaoine gan dídean ag dul i méid, cuid acu go soiléir ar na sráideanna agus daoine eile nach féidir leo teach a cheannach ná fiú íoc as cíos an-ard. Mar gheall ar chostas na tithíochta i mBaile Átha Cliath, bíonn ar dhaoine cónaí níos faide ar shiúl ón obair agus uaireanta fada a chaitheamh ag taisteal gach lá ar chóras taistil nach bhfuil inchurtha leis an éileamh. Agus tá an córas sláinte in ísle brí ag am a bhfuil ‘an otharlann leanaí is costasaí ar domhan’ á tógáil.

Léirigh an phobalbhreith iarvótála gur mhothaigh 63% de dhaoine a vótáil nár tháinig torthaí chor chun feabhais an gheilleagair a mbealach. Rómhall a fuair na páirtithe móra sin amach. Gach uair a bhí Fine Gael (agus Fianna Fáil mar gheall ar an tacaíocht a thug siad don rialtas) ag moladh cé chomh maith is a bhí ag éirí lena stiúir ar an gheilleagar, ba mhó a thuig an gnáthdhuine nach lena leas féin a bhí an feabhsú.

Bhí mothúchán ginearálta san aer nach raibh polaiteoirí ag éisteacht le fadhbanna na ngnáthdhaoine, na daoine a d’éirigh go luath ar maidin, mar a dúirt an Taoiseach. Nuair a bhristear an nasc sin idir an pobal agus an polaiteoir imíonn an mhuinín.

Sampla suntasach den chluas bhodhar sin an dóigh ar láimhseáil Fine Gael ceist na bpinsean. Go cinnte, tá inmharthanacht na bpinsean ina ceist mhór agus ní mór aird a thabhairt uirthi. Ach tá an dóigh cheart ann le tabhairt faoi seo agus an dóigh chontráilte. Léirigh Fine Gael nach raibh siad i dtiúin leis an phobal nuair a d’eisigh siad a gcuid pleananna aois an phinsin a ardú... i mbéal an olltoghcháin a ghlaoigh siad féin.

D’aithin Sinn Féin an dínasc seo. D’éist siad lena gcuid vótálaithe agus chum siad polasaithe le dul i ngleic leis na bunfhadhbanna seo. Bhí daoine oilte deisbhéalacha acu leis na polasaithe seo a mhíniú agus chuir siad béim ar an difear idir iad féin agus an dá pháirtí mhóra eile. Rinne siad branda de.

Bhí na fadhbanna ann roimhe seo, ar ndóigh, agus níor éirigh le Sinn Féin an slad céanna a dhéanamh. Cad é an difear an iarraidh seo?

B’fhéidir go raibh príomhléiriú againn leis an bhua a bhí ag Mark Ward nuair a bhain sé an fothoghchán i mBaile Átha Cliath Thiar Meán i mí na Samhna. D’éirigh le Sinn Féin an lucht tacaíochta s’acu a ghríosú agus a fháil amach le vótáil, rud nár éirigh leo a dhéanamh i gcónaí roimhe sin.

Ach bhí rud eile ann. Bhí scála na míshástachta i bhfad níos mó ná mar a tuairiscíodh ar na meáin. Bhí an lucht tacaíochta nádúrtha do Shinn Féin i ndiaidh fás as cuimse. Chlis ar Fhianna Fáil teacht i dtír ar an mhíshástacht seo nó d’amharc daoine orthu mar chuid den rialtas, ar a laghad na daoine a bhí ag fulaingt. D’éirigh le Sinn Féin an teachtaireacht shoiléir acu a chraobhscaoileadh go maith – má tá athrú de dhíth ort ní mór vótáil do Shinn Féin.

Dá mhéad iarracht a rinne Fianna Fáil agus Fine Gael a thaispeáint go raibh siad difriúil óna chéile, ba léir nach raibh mórán de dhifear ann nó ba iadsan an dá pháirtí a bhí i gcumhacht ó cuireadh an stát ar bun. Chruthaigh Sinn Féin íomhá dóibh féin gurb iadsan páirtí an athraithe agus abhae leo. Seans, fiú, gur chuidigh an feachtas ar na meáin ina gcoinne leis an íomhá go raibh siad difriúil agus gur mian leo rudaí a athrú.

Níl aon amhras faoi anois. Tá Sinn Féin ar an pháirtí is mó vóta sa stát le 24.5% de réir an teailí. 22.2% atá ag Fianna Fáil agus Fine Gael ar 20.9%. Níor sheas Sinn Féin go leor iarrthóirí leis an leas ceart a bhaint as na figiúirí ach ní rachaidh siad isteach in aon chomhrialtas mar an ‘comhpháirtí sóisearach’ ach oiread. Níl sé as an áireamh go mbeadh taoiseach rothlach ann agus Mary Lou ina taoiseach ag a seal. Sin nó beidh olltoghchán eile ar na bacáin, rud a d’fhágfadh Sinn Féin in áit níos láidre arís.

Close
Close