Ciarán Ó Pronntaigh
Is minic a chuirtear díomá ar mhuintir na hÉireann nuair a luaitear nach bhfuil an tír iathghlas seo chomh ‘glas’ agus a shíleann siad. Go deimhin, mar thír, níor scrios muid an oiread sin d’áilleacht an nádúir is a rinne tíortha eile ach tá scéal eile le hinsint leis na páirceanna glasa s’againn. Agus beidh praghas ard le híoc as a mhaíonn lucht an staidrimh, suas le €26 billiún, dar leis an mheastacháin is airde, nó tá Éire ag briseadh na rialacha Eorpacha maidir leis an téamh domhanda.
Sa bhliain 2019, chomhaontaigh ceannairí an Aontais Eorpaigh go mbeadh córas acu le déileáil le tíortha nach mbeadh ag déanamh go leor leis na hastaíochta s’acu a ghearradh siar. Tíortha a bheadh ag leanúint an phlean s’acu, gheobhadh siad creidmheasanna agus na tíortha a bheadh drogallach, bheadh fíneálacha i ndán dóibh. Tháinig an comhaontú seo mar thoradh praiticiúil ar Chomhdháil Pháras, beart de réir briathair, mar a déarfá.
An sprioc a bhí ann i bPáras deich mbliana ó shin gan ligean don ardú teochta éirí níos mó ná 2˚C ón tréimhse réamhthionsclaíoch, nó 1.5˚ dá mb’fhéidir. Bhí spiorad an chomhaontaithe chun cinn ag an chomhdháil sin, nó ar a laghad, bhí bunús na dtíortha sásta síniú suas don mhórtheachtaireacht – táimid uilig inár gcónaí san aon phláinéad amháin, níl aon éalú as. Ach tá an plean uaillmhianach sin caite i dtraipisí mar gheall ar cheannairí mar Trump a dhiúltaíonn glacadh leis go bhfuil fadhb ann ar chor ar bith. Níor chuidigh COVID ná an suaitheadh geilleagrach a lean é ach oiread. Táimid mórán ag leibhéal 1.4˚C cheana féin agus baol ann go sárófar 1.5˚C faoi 2030.
Thug an tAontas Eorpach plean difriúil do gach tír, ag brath ar chúinsí na tíre sin. I gcás na hÉireann cuireadh béim ar an talmhaíocht ar cúis í le 51% d’astaíochtaí an stáit. Agus tá an tréad náisiúnta ba lárnach sa chothromóid sin. De réir na n-eolaithe, is geall le mionmhonarchana guail iad na ba seo má chuirtear an méid dé-ocsaíd charbóin agus meatáin a astaíonn siad san áireamh. Níl baol ann anois go sroichfidh an rialtas na spriocanna a leagadh amach dóibh do 2030.
Cad chuige, mar sin, nach bhfuil dul chun cinn déanta ag an rialtas? Tuigimid gurbh iad na feirmeoirí cnámh droma na tíre ach an amhlaidh go bhfuil sin fíor sa lá inniu? Bíonn síorbhrú ar an fheirmeoir bheag agus is minic a bhíonn an dara post ag na daoine seo leis an bhearna a thabhairt isteach. Ach tá forbairt eile ag tarlú sa tionscal seo, fás na hollfheirme, feirmeacha atá níos cosúla le comhlachtaí móra ná an fhís rómánsach den tuath a bhí againn nuair a bhí muid óg. Agus tá tionchar mór ag na daoine ar leo na feirmeacha seo ar an rialtas, gan bheith ag caint ar an ioncam a thugann na feirmeacha seo don tír chomh maith.
Tá brústocaireacht ar siúl ag an rialtas sa Bhruiséil le go maolófaí cuid de na fíneálacha atá le teacht. Deir siad go bhfuil difear sa tír idir 2019 agus an lá inniu. Ach an feachtas macánta é seo? Cén dóigh a dtiocfadh linn ár lámha a ní agus fadhb an téimh dhomhanda a fhágáil inár ndiaidh? Cén sórt teachtaireachta a bheadh ann don chuid eile den domhan dá bhfeicfí ceann de na tíortha is saibhre ar domhan ag iarraidh sleamhnú amach as geallúintí a thug sí tamall beag de bhlianta ó shin?
Tá iarmhairtí an téimh dhomhanda ag dul i méid i rith an ama. An tseachtain seo a chuaigh thart, bhuail an hairicín is mó riamh Iamáice agus rinne sé slad ar an oileán. Daoine gan díon, barra scriosta sna páirceanna agus gan fiú na bunseirbhísí ar fáil ag sciar mór den phobal. Ní tír shaibhir í Iamáice agus, mar is gnách, an té atá thíos buailtear cos air. Seans go bhfuil sé rómhall do Éirinn na fíneálacha uilig a sheachaint ach mura mbíonn tíortha saibhre mar í sásta íoc as ísliú ina gcuid astaíochtaí sa ghearrthréimhse, beidh praghas ard le híoc againn uilig am éigin amach anseo.



