Bród na Gaeltachta 2023

Le Seán Ó Dubhchon

Ba mhór an t-ábhar bróid a bhí ann fáilte a chur roimh ár gcairde Gael ar fad ar an Fhál Carrach d'fhéile Bród na Gaeltachta i mbliana. Don dara bliain as a chéile, bhailigh muintir na háite, agus cuairteoirí as lasmuigh den pharóiste, le ceiliúradh a dhéanamh ar Bród le seachtain iomlán imeachtaí agus mórshiúl mór ar an Satharn.

Ar an Domhnach (16 Iúil), cuireadh tús leis an fhéile le Cosán Casement, siúlóid staire LADTA+ inar thug an staraí agus seandálaí aitheanta Brian Lacey léargas domhain cuimsitheach ar phearsana aeracha a chaith am sa cheantar; cuir i gcás Ruairí Mac Easmainn (a bhunaigh Coláiste Uladh), an t-ealaíontóir Derek Hill, agus Arthur Kingsley Porter, fear ar leis Caisleán Ghleann Bheatha, ach a d’imigh ar strae gan tásc ná tuairisc air ó shin.

Ar an Luan, bhí painéal cainte ar líne inar labhair Gillian Kearns (bunaitheoir Neuro Pride Ireland), Mel Bradley (taibheoir agus scríbhneoir atá mar bhall de choiste Bród Feabhail) agus Pádraig Rice (Bainisteoir Polasaí agus Taighde le LGBT Ireland) faoi roinnt de na dúshláin is mó atá ag an phobal aiteach agus an pobal néara-éagsúil. Mar chathaoirleach ar an phainéal cainte sin, d’fhoghlaim mé an-chuid faoi theiripe thiontúcháin, ábhar nach bpléitear go rómhinic, agus cé chomh deacair is a bhíonn sé cúram sláinte a fháil más duine LADTA+ thú atá néara-éagsúil chomh maith.

Ar an Mháirt rinne Caoimhe McGee léiriú dá seó stáitse ‘Sapphic’ i nDún Fionnachaidh agus tugadh deis don phobal an scannán ‘Lyra’ a fheiceáil. Rinne an stiúrthóir Alison Millar an scannán le saol Lyra McKee, iriseoir a maraíodh roinnt blianta ó shin i nDoire, a chomóradh, agus bhí Alison Millar agus Sara Canning, páirtí Lyra, ansin le ceisteanna a fhreagairt tar éis an scannáin. Cuireadh deireadh leis an oíche i gClub na Féile, lonnaithe sa tSeamróg, le seit iontach ón phopamhránaí George Houston.

Bhain mé féin an-sult as sraith ceardlann faoi stiúir Lucy O’Hagan, a thosaigh ar an Chéadaoin agus a mhair trí lá. Ba ar Thrá Mhachaire Rabhartaigh a bhí na ceardlanna á reáchtáil ag Lucy, agus fuair muid léargas den scoth ar aiteachas sa dúlra agus sa timpeallacht. Fhad is a bhí an chéad cheardlann ar siúl i Machaire Rabhartaigh, bhí an chaint ‘TENI agus Tae’ ar siúl ar an Fhál Carrach le Tara Hewitt ó TENI, grúpa tacaíochta don phobal Trasinscneach. An tráthnóna sin, chuir an file Annemarie Ní Churreáin fáilte roimh na filí Karl Parkinson agus Abby Oliviera, chomh maith leis an amhránaí agus cumadóir Branwen, a chuir an-oíche de dhánta agus d'amhráin ar siúl in Eaglais Naomh Áine i gCill Ulta.

Ar an Déardaoin, ba é Kieran Devlin a thug caint ar ‘ABCanna an phobail LADTA+’, ag díriú go mór ar chúrsaí teanga. Tá traidisiún láidir scannánaíochta sa cheantar, agus mar sin, b’iontach an ócáid é an oíche scannánaíochta a d’eagraigh Daniel Butler in Amharclann Ghaoth Dobhair, imeacht a thug seans don lucht féachana scoth na scannán a fheiceáil ó scríbhneoirí, léiritheoirí agus stiúrthóirí LADTA+ agus Gaelacha.

Chuir Tadhg Mac Eoghain ceardlann fhíorshuimiúil i láthair ar an Aoine faoi 'An Foclóir Aiteach', imeacht a chuir go mór leis an fhéile. Thug muid aghaidh ar an tSeanBheairic don eochairchaint spreagúil chumhachtach a thug Tonie Walsh ar stair na gluaiseachta LADTA+, é féin an-bhainteach leis an dul chun cinn atá déanta maidir le cearta an phobail le 50 bliain anuas. Ansin, bhí ríméad orainn fáilte a chur roimh Ciara Ní É, Eoin McEvoy agus Sam Ó Fearraigh, a rinne léiriú iontach dá ndráma 'Grindr, Saghdar agus Cher', agus ní haon aontas gur sheas an slua ar fad ag tabhairt gártha molta dóibh. Ina dhiaidh sin, bhí painéal cainte an-suimiúil ann leis an chliar, Tonie Walsh, agus na gníomhaithe Brian Lacey agus Mary Kay Mullan.

Ba chuma linn an drochaimsir a fuair muid ar an Satharn. Chruinnigh muid le chéile ag a trí a chlog agus lean an mórshiúl ar aghaidh, beag beann ar an fheathainn. Bhí atmaisféar leictreach ar an Fhál Carrach, idir an slua mór a bhí sa mhórshiúl féin agus na daoine ar fad a chruinnigh ar thaobh an bhealaigh mhóir le tacú linn. Chuir sraith mhúrphictiúr, a dhear ógánaigh áitiúla i rith na seachtaine, go mór le cuma an cheiliúrtha a bhí ar an bhaile. Ba iad Tonie Walsh agus Brian Lacey, beirt a bhí ceannródaíoch i mbunadh Bród i mBaile Átha Cliath agus i nDoire siar sna hochtóidí, a shiúl amach chun tosaigh, agus chuir ceol ón bhanna carnabhail áitiúil go mór leis an mhórshiúl. Ina dhiaidh sin, rinne Caoimhe McGee agus Rosie Mullins a ndráma ‘Freshers’ a chur ar an ardán, agus bhí oíche lán de cheol againn i Lóistín na Seamróige ansin ó Ella Fitzgerald, Tara Gi, Just Another Band, Eve Belle agus Lonesome George.

Tá cluaisíní croí orainn go fóill i gCloich Cheann Fhaola agus muid thar a bheith buíoch de gach duine a thacaigh linn i rith na seachtaine ar fad, idir mhuintir na háite agus na daoine ar fad a thug cuairt ar an Fhál Carrach le Bród a cheiliúradh. Léirigh na himeachtaí ar fad an tallann agus an cumas atá in ealaíontóirí, ceoltóirí, amhránaithe, scríbhneoirí, taighdeoirí, staraithe, filí, scannánóirí agus taibheoirí an phobail, a rinne jab eisceachtúil i rith na seachtaine. Táimid ag súil go mór le fáilte a chur romhaibh arís i gCloich Cheann Fhaola an bhliain seo chugainn. Pé rud a bheidh ar siúl agaibh idir an dá linn, bígí bródúil!

Close
Close