Na torthaí agus an todhchaí

Le Katie McGreal

Tá an samhradh ag teacht chun deiridh, rud a chiallaíonn go bhfuil go leor daltaí ag fanacht ar thorthaí Ardteiste a thiocfaidh amach go luath. Is torthaí iad seo a inseoidh do go leor cén ollscoil nó coláiste a rachaidh nó nach rachaidh siad chuige, ag brath ar na torthaí. Mar sin, is féidir leis na seachtainí seo nó fiú na míonna seo a bheith deacair go leor ar dhaltaí agus ar thuismitheoirí agus iad ag fanacht. Níl a fhios acu céard a dhéanfaidh siad an bhliain acadúil atá ag teacht go dtí go mbeidh na torthaí seo acu.

Nuair a rinne mise an Ardteist, cuireadh inár leith gur seo na scrúdaithe is tábhachtaí a dhéanfaimid go deo agus go raibh ár saol iomlán ag brath ar na torthaí. Ach fiú ag an am sin, bhí a fhios agam nach mar sin a bhí sé. Tá na torthaí seo tábhachtach ach ní deireadh an domhain iad.

Tá go leor bealaí éagsúla le dul i mbun an ruda atá tú ag iarraidh a dhéanamh. Má tá do chroí istigh in ábhar éigin faoi láthair agus tá tú go hiomlán dírithe air sin - beidh sé fós ann an bhliain seo chugainn nó i gceann cúpla bliain chomh maith.

Mar shochaí, cuireann muid cuid mhór béime ar na scrúdaithe áirithe seo agus mothaíonn na daltaí an brú ó thús an chúigiú bliain nó fiú níos luaithe. Ach níl ann ach eachtra amháin i do shaol. Bíonn an chuid is mó de dhaoine 18 mbliana d’aois nuair a dhéanann siad an Ardteist, agus níl ann sin ach an tús an tsaoil.

Nuair a bhí mise ar scoil labhair na múinteoirí faoin Ardteist agus na torthaí amhail is go raibh siad le cinntí mo shaoil ar fad a dhéanamh. Ní dhearna, agus ní dhéanfaidh, d’aon duine. Rinne mé cúrsa Gnó agus Gaeilge i bhFiontar, agus chuaigh mé caol díreach isteach go domhan na hiriseoireachta agus anois is múinteoir aireachais mé. Ní fhéadfaidh éinne a rá liom ag tús mo chéime go mbeinn anois ag múineadh ach sin mar a tharla sé - níl a fhios ag éinne céard a tharlóidh dóibh féin amach anseo.

Tuigim go bhfuil torthaí na hArdteiste tábhachtach ach tá siad tábhachtach go pointe. Cibé torthaí a bheidh agat, pé cúrsa a dhéanfaidh tú nó má thógann tú bliain amach, foghlaimeoidh tú rud éigin gan amhras. Foghlaimeoidh tú fút féin agus beidh eispéireas éigin agat a chabhróidh leat amach anseo sa saol.

D’fhoghlaim muid uilig le linn 2020 nach bhfuil smacht againn ar mórán rudaí sa saol seo. Torthaí na hArdteiste ag an bpointe seo, agus cén cúrsa coláiste nó ollscoile a dhéanfaidh tú, tá siadsan ar cheann de na rudaí sin ach pé rud a tharlóidh beidh tú ceart go leor. Beidh gach rud ceart go leor.

Análaigh isteach go mall, análaigh amach go mall agus bain sult as an saol. Níl mórán ar féidir linn a bheith cinnte faoi ach go mbeidh athruithe romhainn, agus go mbeidh muid in ann rudaí maithe a aimsiú ag an am céanna, cibé rud a tharlaíonn!

Close
Close