An dtiocfaidh ‘ár lá’?

Ciarán Dunbar ar Éirinn Aontaithe, an díospóireacht agus an Ghaeilge

Ní dóigh liom gur léigh mé anailís fhuarchúiseach ar Éirinn Aontaithe go fóill.

Tá gach rud dár mhothaigh mé go dtí seo ar an ábhar claonta nó saonta go pointe áirithe. Is é mianta an scríbhneora a léimse sna píosaí seo, sin nó aineolas.

Scríobhadh go leor le tamall anuas agus scríobhfar na mílte alt ar an cheist sna blianta atá amach romhainn.

Bolscaireacht a bheas sa tromlach, is beag iriseoir in Éirinn ar féidir leo scríobh faoi ar bhonn iomlán anailíseach.

Ní gá ach spléachadh a thabhairt ar chuntais Twitter chomhfhreagraithe polaitiúla na bpáipéar mór agus tchífidh tú go bhfuil dearcthaí s’acu scaoilte ar an ábhar seo cheana.

Dúshlán mór do na meáin a bheadh ann mar reifreann, dúshlán a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dóibh – mar a rinne an reifreann ar neamhspleáchas na hAlban do chlú an BBC, cuir i gcás, is cuma má bhí sé tuillte nó nach raibh.

Éire Amháin nó Trí Éire?

Dúirt duine thar a bheith eolach agus feasach liom, tuairim ar dheich mbliana ó shin, go bhfacthas dó gur dhóichí go mbeadh trí Éire ann amach anseo ná Éire amháin.

Is éard a bhí i gceist aige ná gur shíl sé go vótálfadh muintir an Deiscirt in aghaidh Éire Aontaithe agus, mar thoradh air sin, go mbeadh ar náisiúnaithe an Tuaiscirt stáitín s’acu féin a bhunú – scartha ó mhórchuid den tír, coimhthithe ag an toradh deiridh agus ag an díospóireacht roimhe.

Is féidir fosta, fiú dá mbeadh vóta ar son Éire Aontaithe ó thuaidh agus ó dheas, go bhfaighidh Rialtas na hÉireann bealach éigin chun an próiseas a stopadh nó moill an-fhada a chur air, rud a chuirfeadh ar ceal an toradh go héifeachtach – an realpolitik mar a déarfá.

Dodhéanta? Smaoinigh ar an reifreann ar Chonradh Liospóin – vótáil na daoine, vótáil siad go mícheart agus, mar sin de, bhí orthu vótáil arís.

Is ionann is cinnte, dar liomsa, go n-éileodh aontachtaithe ath-chríochdheighilt dá gcaillfeadh siad an reifreann – ach sin scéal eile go fóill.

Comhaontú Aoine an Chéasta - beo nó marbh?

Tá go leor cainte ann faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta. Shílfeá ó chuid den dioscúrsa gur chuir an comhaontú sin Éire Aontaithe as an áireamh, gur chuir sé deireadh leis mar choincheap. 

Déanta na fírinne, áfach, bhí an fhéidearthacht áirithe sin i gcroílár an chomhaontaithe agus bhí sé soiléir.

Ba leor 50%+1 chun Tuaisceart Éireann a ghlacadh amach as an Ríocht Aontaithe, sin is ciall leis an fhocal “tromlach” ann.

Is ar a bhonn sin a vótáil náisiúnaithe ar a shon.

Ach mar a dúirt an t-iar-Thaoiseach John Bruton: "It might be legally valid, but not politically wise.” Níl sé leis féin san anailís sin.

Léirigh leithéidí Mhicheál Martin, Bertie Ahern agus Leo Varadkar bá le ‘Teagasc Mallon’ - tuairim a léirigh iar-leascheannaire an SDLP Séamus Mallon sula bhfuair sé bás nuair a dúirt sé gur cheart go mbeadh ‘toiliú comhuaineach’ ann roimh aon Éire Aontaithe – is é sin le rá toiliú na n-aontachtaithe chomh maith le toiliú náisiúnaithe.

Bhí sé den tuairim nach mbainfeadh tromlach simplí an “kind of agreed and peaceful Ireland we seek” agus go mbeadh baol foréigin ann.

Ní féidir an dara pointe aige a shéanadh. Is dóigh liom go mbeadh foréigean de chineál éigin ann i gcás ar bith, ní bheadh éalú uaidh sin.

Ach ní féidir a shéanadh ach oiread go dtagann Teagasc Mallon salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta – is ionann glacadh leis agus deireadh a chur leis an chomhaontú.

Chiallódh Teagasc Mallon nárbh fhéidir Éire Aontaithe choíche.  Aithníonn sé Éire Aontaithe mar uaillmhian ach dhéanfadh sé dodhéanta é go praiticiúil.

Mar a dúirt, Gregory Campbell, MP de chuid an DUP:

You just do not get it. We are British, those three words.”

Níl aontachtaithe ag plé Éire Aontaithe nó aon rud a bhaineann leis faoi láthair agus ní phléifidh go deo – go dtí an mhaidin tar éis dóibh reifreann a chailleadh.

Aontas v Aontachtas

Tá, agus bhí riamh, rogha eiseach le déanamh ag aontachtaithe idir an t-aontas agus an t-aontachas féin.

Is é sin le rá, chun an t-aontas leis an Bhreatain a dhaingniú, bheadh orthu dlínse dhénáisiúnta a dhéanamh de Thuaisceart Éireann chun oiread de náisiúnaithe agus is féidir a mhealladh chun tacú leis, nó ar a laghad gan vóta a chaitheamh chun deireadh a chur leis.

Ach is é an t-aontachtas féin atá roghnaithe acu i gcónaí go dtí seo - is é sin an cultúr Briotanach/Protastúnach a chosaint mar phríomhchultúr Thuaisceart Éireann agus an t-aon chultúr amháin a fheictear i struchtúir an stáit - ní nach ionadh, mar is ar mhaithe leis an chuspóir sin a bunaíodh an stát - agus cad is cúis leis an stát sin gan an cultúr ar ar bunaíodh é a bheith in uachtar?

Tá dearcadh ‘an té a mbíonn an bua leis bíonn an chreach leis’ ann. Caithfear cultúr an stáit agus siombalachas an stáit stádas bunreachtúil an stáit a léiriú – agus gurb ionann glacadh le stádas reatha Thuaisceart Éireann agus glacadh leis an stádas cultúrtha sin.

Mar a scríobh an tráchtaire Newton Emerson in 2017: “Unionism is simply British nationalism, and two nationalisms cannot have equal standing within one sovereign state... the agreement grants both nationalisms not equality but “parity of esteem” – in other words, equal respect.

Unionists have upset this by showing no respect; the comparable republican sin is wilfully over-interpreting equality.

Unionism’s position is that British flags should adorn all public buildings, with views differing only on how often. Nationalists can like it or lump it.”

Sin an fáth a ndeir leithéidí an tráchtaire Alex Kane gurbh ionann Éire Aontaithe agus deireadh le haontachtaithe mar phobal. Tá cultúr an aontachtais fite fuaite ina stádas bunreachtúil – is é an argóint atá aige go mbeadh deireadh ar fad leis an aontachtas mar fhéiniúlacht gan an stádas sin.

Deir Arlene Foster, an bhean a bhí ina ceannaire ar an DUP agus ina Céad-Aire go dtí an tseachtain seo caite, go bhfágfadh sí an tír i gcás Éire Aontaithe.

Deir aontachtaithe eile liom áfach gur Briotanaigh iad agus go mbeadh an fhéiniúlacht sin acu go fóill in Éirinn Aontaithe.

An fhadhb le taictic an aontachtais ná go gcothaíonn sé coimhthíos idir náisiúnaithe agus an stát agus, mar sin de, idir náisiúnaithe agus an t-aontas leis an Bhreatain. Is baolach an cur chuige é nuair atá aontachtaithe ina mionlach.

Más casta an cruachás é, thiocfadh le náisiúnaithe a bheith san fhaopach céanna má tá orthu rogha le déanamh idir Éire Aontaithe agus an Gaelachas.

An fiú Éire Aontaithe má tá sé go hiomlán Gallda agus Galldaithe?

B’fhéidir gur ceist í sin a mbeadh á cur ag go leor Gael orthu féin.

Ceist ‘chigilteach’ na Gaeilge

Is léiriú ar an rogha seo é go bhfuil an Ghaeilge caite ar an tábla idirbheartaíochta ag baill shinsearacha de Fhianna Fáil agus de Fhine Gael cheana féin, an Tánaiste Leo Varadkar san áireamh.

Tá sí géillte roimh reifreann, roimh thoradh, roimh chainteanna, roimh chomhaontú ar bith. Cuireann sé cuma ar an scéal gur mhaith leo stádas na teanga a ísliú pé scéal é.

In aon Éire Aontaithe ar ndóigh, beidh na céadta míle duine ann, breis is milliún fiú, nach bhfuil aon dáimh acu leis an teanga, agus naimhdeas ina leith ag go leor.

Thapódh namhaid nádúrtha na teanga, thuaidh agus thuas, leis an deis deireadh a chur le cibé stádais atá ag an Ghaeilge.

D’ainneoin leithéidí Linda Ervine, cuir i gcás, agus bhíodh daoine cosúil léi i gcónaí ann, tá polaitíocht na n-aontachtaithe i gcoinne na Gaeilge gan eisceacht.

Chuathas go fíochmhar i gcoinne gach scoile, gach comhartha, gach pingin a caitheadh uirthi riamh – cé go gcaithfear a aithint go bhfuil an dá pháirtí aontachtacha tar éis bogadh ar aghaidh go suntasach ón reitric a d’úsáid siad i leith na Gaeilge uair amháin den tsaol. 

Tá brú leanúnach ar an DUP ó thráchtairí ar nós Ben Lowry, an tOrd Oráisteach agus an TUV, iad ag iarraidh ar an pháirtí u-chasadh ar an reachtaíocht Ghaeilge atá beartaithe, lag is a bheadh. Is rud é an reachtaíocht a ghéill an DUP go fíordhrogallach sa chéad dul síos agus níl iomrá air go fóill.

A key point of the two-state solution of 1921 was that both sides of the border had a right to be different,” a scríobh an t-Uasal Lowry, leas-eagarthóir an News Letter.

We are entitled to say there is no consensus that the Irish language should be as central to life here as it is in the Republic.”

Is dóigh liom go gcúlóidh an DUP óna gheallúint ar reachtaíocht Ghaeilge tar éis imeacht Arlene Foster mar cheannaire – tá sin ar cheann de na cúiseanna a bhfuiltear ag cur ruaig uirthi óir bhí sí éirithe ró-bhog ar an cheist dar le daoine eile sa pháirtí.

Mar sin féin, ní bheadh go leor náisiúnaithe ó thuaidh ag iarraidh an Ghaeilge mar ábhar éigeantach sna scoileanna ach oiread – is beag múinteoir a bhfuil sí acu, cuir i gcás.

Má tá sciar de ghluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh an-réabhlóideach agus éifeachtach, is beag spéis atá ag an phobal i gcoitinne sa teanga – sin an fáth a bhfuil gluaiseacht na Gaeilge réabhlóideach is éifeachtach is dócha.

Tá meánscoileanna Caitliceacha ann mar shampla nach mbíonn ag teagasc na Gaeilge ar chor ar bith ó thuaidh (ní ann di i scoileanna stáit ar chor ar bith agus i roinnt mhaith scoileanna imeasctha leis), ní chluintear aon raic faoi sin.

Níl mórán d’éileamh ann don Ghaeilge i mbunscoileanna Béarla ach oiread.

Ar an lámh eile, bheadh cuid mhaith de náisiúnaithe an Tuaiscirt ag iarraidh stádais níos láidre don Ghaeilge ná mar atá aici ó dheas san am atá i láthair. Leanfadh cogaí cultúrtha ar aghaidh. Bheadh an dá chultúr ina ngiall ag a chéile.

Ach thiocfadh dó go ndéanfadh iarrachtaí athmhuintearais agus an fonn atá ar bhunaíocht na Poblachta stádas na Gaeilge a ísliú dochar don teanga ar bhealach eile: tríd an dinimic shóisialta lena mbaineann sí a athrú.

‘Dioscúrsa’ na Gaeilge

Is féidir nach mbeadh glacadh leis an Ghaeilge in Éirinn nua ar an ábhar gur rud ‘seicteach’ nó ‘maslach’ a bheadh inti, nó comhartha éadulaingthe do phobal ar leith.

Mar a deir comhairleoir aontachtach amháin ó thuaidh, is ionann gan glacadh leis an ghalldú agus gan glacadh leis an phlandáil agus, mar sin de, gan glacadh le háit an phobail aontachtaigh in Éirinn.

Tá Gaeil an Tuaiscirt breá cleachtaithe le bheith taobh amuigh den Pháil chultúrtha agus bhunaíochta ach eispéireas nua a bheadh ann do Ghaeilgeoirí ó dheas, cé go bhfuil stádas na Gaeilge ann ag ísliú lá ina dhiaidh lae.

Thiocfadh dó go mbeadh cinneadh an-chrua le déanamh ag Gaeil roimh reifreann ar Éirinn Aontaithe.

Thiocfadh dó fosta, títear dom, go ndéanfaidh an díospóireacht féin scoilt a chothú idir cuid de Gaeil an Tuaiscirt agus cuid de Ghaeil na Poblachta. Seans, ag brath ar a mbeidh socraithe, go mbeadh cuid de phobal na Gaeilge ag argóint i gcoinne aontú na tíre, cuid de mhuintir na Gaeltachta go fiú, rud a mothódh go leor ó thuaidh mar a bheadh scian sa bhrollach ann.

Bheadh an tOireachtas suimiúil bliain an reifrinn.

‘Ceachtanna an Bhreatimeachta’

Tá go leor cainte ann faoi na ‘lessons of Brexit’, gur léirigh an Breatimeacht an chontúirt a bhaineann le reifreann gan plean cinnte a bheith ann. Na daoine a scríobhann sin ar ndóigh, bhí siad i gcoinne an Bhreatimeachta.

Déanta na fírinne, d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach go hiomlán agus bhog siad ar aghaidh ina dhiaidh sin.

Go polaitiúil, d’éirigh leis an fheachtas ‘Leave’, UKIP, agus Nigel Farage amach is amach. Go dtí seo, níor tháinig aon tubaiste as ach an oiread.

An é go léiríonn an Breatimeacht a mhalairt den rud a mhaítear? Arbh fhearr vótáil ar an bhunphrionsabal agus na sonraí a shocrú ar ball?

Ná déan dearmad go raibh bunaíocht na Ríochta Aontaithe, bunús na meán agus na ceannairí móra polaitiúla i gcoinne an Bhreatimeachta.

Thug an tromlach, gnáthmhuintir na tíre, neamhaird orthu – sin an ceacht a thógfas daoine atá ar son Éire Aontaithe as an Bhreatimeacht.

I ndeireadh na dála, bheinn féin ag súil le dhá reifreann ar an cheist seo – glas dúbailte – an chéad cheann ar an phrionsabal agus an dara ceann ar shocruithe an chomhaontaithe féin.

Iad siúd sa lár

Is minic a scríobhadh le blianta anuas gurbh iad lucht ólta caife Dheisceart Bhéal Feirste a dhéanfas an cinneadh ar Éirinn Aontaithe sa deireadh. Is áit é deisceart Bhéal Feirste a bhfuil an-chuid iriseoirí agus tráchtairí ina gcónaí ann dála an scéil.

‘Iad siúd sa lár’, iad siúd nach ndéanann cur síos orthu féin mar aontachtaithe ná mar náisiúnaithe – i. chan mar Bhriotanaigh ná mar Éireannaigh ach mar Thuaisceart-Éireannaigh.

Tá cuid mhaith den fhírinne ansin, óir is mionlach iad Éireannaigh (i. iad siúd a ndéanann cur síos orthu féin mar sin) agus na Briotanaigh (iad siúd a roghnaíonn an náisiúntacht go saor) ó thuaidh.

Cuirtear síos ar Thuaisceart-Éireannaigh mar an tríú mionlach, tuairim is 20% den phobal. Is léir gur de shean-bhunadh na hÉireann bunús na dTuaisceart-Éireannach, is é sin le rá – Caitlicigh nó iar-Chaitlicigh.

Bheadh sé thar a bheith tábhachtach tacaíocht na ndaoine seo a fháil d’Éirinn Aontaithe ach ní ceart a dhul thar fóir.

Cheapfá seans, agus tú ag léamh ailt faoin ábhar, gurbh iad siúd amháin a dhéanfas an cinneadh ach tá an vóta céanna ag duine ar an Charraig Mhór is atá i mBaile na Faiche agus ar an ábhar sin, i Ráth Cúile.

Dream mór nach luaitear

An t-aon bhealach ar féidir Éire Aontaithe a bhaint amach ná go mbeadh níos mó náisiúnaithe ná aontachtaithe ann - shílfeá ó roinnt den chlúdach ó dheas nach mbaineann an cheist ach le haontachtaithe.

Chuala mé, mar shampla, comparáid déanta idir Contae Aontroma agus Contae Chiarraí ar Raidió na Gaeltachta, ag rá nach féidir an curaclam scoile amháin a bheith sa dá áit.

Chuirfeadh sé sin iontas ar mhuintir Iarthar Bhéal Feirste - áit a bhfuil bláth ar athbheochan phobalbhunaithe na Gaeilge ar dhóigh nach bhfacthas riamh ó dheas, áit a bhfuil cluichí Gaelacha chomh láidir is atá siad áit ar bith in Éirinn – agus ar na daoine i nGlinntí Aontroma na hiomaíochta, ar bhruach Loch nEathach agus go leor áiteanna eile nach iad sa chontae.

Bheadh ar Éirinn Aontaithe na céadta míle náisiúnaí a ghlacadh isteach sa stát sin freisin – an méid céanna le hAontachtaithe a bheag nó a mhór, mionlach mór a bheas ag iarraidh Éire mar a ba mhaith leo freisin – agus sin níos Gaelaí ná mar atá anois.

Agus beidh vóta acu.

Close
Close