Ag oscailt doras na tuisceana

Ian Malcolm

Seachtain ó shin, thug mé cuairt ar iarsmalann nua an Oird Oráistigh i dTeach Schomberg ar Bhóthar Cregagh i mBéal Feirste, a d’oscail le deireanas le rabharta mór poiblíochta.

Bhí an tIar-Uachtarán Mary McAleese i measc na n-aíonna ag an oscailt oifigiúil agus ghnóthaigh an iarsmalann ceannlínte dearfacha don Ord, rud nach dtarlaíonn rómhinic am seo na bliana.

Agus séasúr an Dara Lá Déag linn arís, bíonn aird na meán dírithe ar na mórshiúlta conspóideacha agus an ghnáth-cheist acu: an mbeidh trioblóid ann?

I bhfírinne, sin an ponc ina mbíonn an tOrd.

Ar lámh amháin feiceann muid an taobh dearfach fadradharcach, mar atá i gcás na hiarsmalainne, agus ar an lámh eile an ‘chontúirt’ a bhaineann leis an lá mór.

Mar dhuine a tógadh leis an traidisiún i mo thimpeall, is dóigh go bhfuil dearcadh eile agam i gcomparáid le duine ó chúlra náisiúnach.

Luíonn sé sin le ciall ach tá sé mar pháirt den tsochaí s’againne, ina bhfuil mímhuinín agus amhras fós beo.

Agus sin an fáth a bhfuil mé tógtha le hIarsmalann na nOráisteach – seo iarracht de chuid an Oird a scéal a scaipeadh ar bhealach dhearfach a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar lucht éisteachta níos leithne.

Chomh maith le Teach Schomberg (ginearál de chuid Rí Liam), tá iarsmalann eile tar éis oscailt, mar atá Sloan House i Loch gCál i gCo Ard Mhacha, gar don áit ar bunaíodh an tOrd in 1795.

Go deimhin, shaothraigh an tOrd ardmholadh ó Jarlath Burns, iar-imreoir CLG le hArd Mhacha, a dúirt go bhfuil sé in am dúinn machnamh a dhéanamh ar an dóigh ina n-amharcann muid uilig ar ‘an taobh eile’.

Dar leis: “Ní thig linn an t-am atá thart a athrú ach is féidir linn smaoineamh ar cad é mar is féidir an todhchaí a roinnt. Caithfidh muid síneadh amach.”

Tháinig an méid seo aniar aduaidh ar a lán ach nocht Jarlath, príomhoide ar an tSruthán, gur labhair David Scott, Oifigeach For-rochtain agus Oideachais an Oird, le daltaí ina scoil féin cúpla uair cheana.

Seo an sórt oibre atá de dhíth ar an talamh agus tá sé ag tarlú le tamall maith – níos faide ná sin, is eol dom go bhfaigheann an tOrd níos mó cuirí ó scoileanna san earnáil ‘Chaitliceach’ ná ón earnáil ‘Phrotastúnach’.

Ábhar dóchais gan dabht ach ní hé sin léamh na meán, a bheas ag breathnú go géar ar na ‘láithreacha achrainn’ agus féidearthacht foréigin.

Cailltear peirspictíocht in amanna – níl ach cuid an-bheag de na mórshiúlta achrannach agus tarlaíonn an formhór go síochánta bliain tar éis bliana.

Is fíor a rá go bhfuil eachtraí eile am na bliana seo conspóideach: eitilt na svaistíce, mar shampla.

Ach amadáin is cúis leis sin, chan an tOrd Oráisteach.

Mar an gcéanna le bratach na gCónaidhmeach.

Is dóigh go bhfuil dornán beag de dhaoine ar an dá thaobh tiomanta don mhioscais i gcónaí agus tugann am seo na bliana deis dóibh dul i mbun eachtraí bómánta a ardaíonn an teocht pholaitiúil.

Cuirtear i gcás na liúdramáin a las tine chnámh i gceantar dílseach ar ‘ruathar oíche’ ón taobh eile le deireanas.

Cad ba chúis leis sin? Ní raibh ar intinn acu ach trioblóid a chothú.

Déantar dearmad rómhinic go bhfuil Cath na Bóinne i bhfad níos casta ná troid idir Caitlicigh is Protastúnaigh (bhí an Pápa ag taobhú le Liam mar shampla) ach ní thuigtear an comhthéacs stairiúil anois.

Agus tá sé sin ar na fadhbanna atá againn i dTuaisceart Éireann: bíonn daoine tugtha do dhátaí – 1641, 1690, 1798, 1916 agus araile – ach tá siad gann ar na fíricí taobh thiar díobh.

Ar na rudaí spéisiúla atá ar taispeáint i dTeach Schomberg tá muscaed ón Bhóinn, ach gunna de lucht Shéamais atá ann, chan ceann ‘oráisteach’.

Agus tá samhail mhór de shaighdiúir bhródúil ar chapall bhán le feiceáil, ach Seacaibíteach atá ann, chan Uilliamaíteach.

Bímis ionraic faoi – ní bheidh Caitlicigh ina mbaill den Ord Oráisteach riamh ach tá an eagraíocht ag iarraidh doras na tuisceana a oscailt, rud atá de dhíth go géar sa tsochaí s’againne.

Is mór is fiú éagsúlacht agus díbhéarsaíocht a cheiliúradh.

Ní hionann é sin is a rá gur chóir dúinn dearmad a dhéanamh ar ár gcúlra nó ar ár n-oidhreacht féin, bíodh sé ‘glas’ nó ‘oráisteach’, ach tá gá le tuiscint dé-thaobhach.

B’fhéidir go bhfuil céim bheag amháin ar a laghad glactha ag an Ord Oráisteach sa treo sin anois…

Close
Close