Slí na Gaelachta seolta i mBéal Feirste

Seoladh conair Shlí na Gaeltachta i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich le turasóirí a mhealladh ó lár chathair Bhéal Feirste chun na Ceathrún Gaeltachta in Iarthar na Cathrach.

Nochtadh 24 plaic a bheas lonnaithe ag pointí éagsúla idir Sráid an Chaisleáin agus Reilig Bhaile an Mhuilinn ag tarraingt airde ar dhaoine áitiúla a bhain cáil amach i saol na polaitíochta, ealaíon, litríocht, tionsclaíocht agus aisteoireacht.

Compháirtíocht atá i Slí na Gaeltachta idir gnólachtaí na Ceathrún Gaeltachta, Forbairt Feirste, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Turasóireacht Thuaisceart Éireann. Tá Forbairt Feirste le tús a chur le siúlóidí staire mórthimpeall na slí agus tuigtear go seolfar aip lena chois sna seachtainí amach anseo.

Labhair Meon Eile le bunaitheoirí an tionscnaimh faoi thurasóireacht agus faoi fhorbairt na Ceathrún Gaeltachta…

Slí na Gaeltachta
Close
Close