Místuamacht na gclár cailliúna meáchain

Siún Ní Dhuinn

De réir na dtuairiscí is déanaí, don chéad uair riamh, meastar go bhfaighidh páistí na glúine seo bás níos luaithe ná a dtuismitheoirí.

Léiríonn taighde eile go mbeidh muintir na hÉireann ar an dream is raimhre agus is mí-aclaí san Eoraip faoin mbliain 2020.

Le forbairtí iontacha na teicneolaíochta, an leighis agus leis an tuiscint atá againn ar an gcorp, is léir go bhfuil dochar as cuimse á dhéanamh againn dúinn féin.

Is fíric í seo a scanródh éinne atá ag cur fúthu in Éirinn faoi láthair, dá smaoineoidís faoi.

Ach, cad atá á dhéanamh le réiteach, nó fiú moill, a chur ar an mbagairt sláinte is mó sa domhan forbartha?

Tá straitéisí oideachais agus aicsin seolta ag an rialtas i scoileanna le dul i ngleic leis an ngéarchéim, agus is cinnte go bhfuil brú áirithe le feiceáil sna meáin chlóite agus shóisialta ach an leor iad?

Agus, an bhfuil croíthe lucht déanta chláracha teilifíse san áit cheart?

Is iomaí clár anois a dhíríonn ar dhaoine a dhéanann iarracht meáchan a chailliúint ach an gcuirtear iad i mbéal an phobail díreach le haird an lucht féachana a choinneáil ar an gcainéal siúd?

Nó níos measa fós, an bhféachann muide, an lucht féachana, ar na daoine seo ar chúis leithleasach, ar mhaithe lenár n-ego féin a shásamh.

An ea go mbraitheann muid níos fearr fúinn féin i gcomparáid leo siúd atá ‘as smacht’?

Fat; A Year to Save my Life, Secret Eaters, Fat Embarrassing Bodies, America’s Biggest Loser, Operation Transformation, tá lucht na teilifíse gafa ag cláir a thugann léargas dúinn ar chruachás an duine a bhfuil fadhbanna acu lena meáchan.

Cuirtear daoine murtallacha, míchompordacha, ina seasamh ina gcuid fo-éadaí faoi sholas géar an stiúideo, cuid acu faoi bhagairt an bháis agus déanann saineolaithe sláinte breitheamh orthu, saineolaithe atá gléasta agus cóirithe go galánta.

Náirítear na rannpháirtithe, ceamaraí á leanúint chuig an leithreas, chun na leapa, ní cheiltear tada ó na tráchtairí grinnsúileacha.

An tseachtain seo caite, ar chlár de chuid RTÉ, Operation Transformation, nuair a theip ar rannpháirtí amháin maidir le cúrsaí ólacháin, thug dochtúir luathbhuilleach ar an bpainéal íde béil di a bhí ní ba mheasa ná aon rud atá a fuair mé ó mhúinteoir riamh.

Dúradh gur cheart go mbeadh náire ar an mbean seo, maidir lena hiompar, agus an chaoi ar theip uirthi ina dúshlán seachtainiúil.

Níor míníodh don bhean úd seo cén fáth a raibh an oiread de dhochar á dhéanamh aici dá sláinte leis an ragús óil, níor luadh an díobháil a dhéanann alcól do mheabhairshláinte an duine ach oiread.

Dhírigh an clár ar an gcorp fisiciúil, an punt meáchain nár cailleadh agus faic eile.

Níorbh í seo an chéad uair dá leithéid tarlú ach oiread, cúpla bliain ó shin rinne Dr. Eva Orsmond a mhacasamhail ar bhean eile.

Thuigfinn go pointe, an díomá a bhí ar an dochtúir, ach más ‘athrú cultúir’ atá ar bun acu (maítear é seo go minic sa chlár céanna), cad chuige nach labhrófaí go daonna leis na rannpháirtithe, seachas a bheith ag caitheamh leo mar pháistí dána, mar amhais bheaga gan mhúineadh?

Is ceist thábhachtach í sláinte an phobail, agus tá bealaí ann le dul ina bun.

Close
Close