Cuireadh deireadh le cás cúirte a mhair breis agus dhá bhliain nuair a d’fhaomh Comhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Creag Abhann (ADC) comhartha dátheangach i gCnoc Chois Choille, Bóthar Gharbhachaidh, Port an Dúnáin. Cuireadh tús leis an phróiseas dlí in Eanáir 2024.
Tháinig an cónaitheoir, Iris Hagan, a thóg an cás cúirte, baill teaghlaigh, a foireann dlí, Gavin Booth (Phoenix Law) agus ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge le chéile ag an Ard-Chúirt le leagan bréagach den chomhartha sráide chun an t-éacht a chéiliúradh.
Cuireadh tús leis an Athbhreithniú Bhreithiúnach in éadan Chomhairle ADC i ndiaidh dóibh diúltú don iarratas ar chomhartha sráide dátheangach i gCnoc Choic Choille. Dhiúltaigh siad an t-iarratas seo cé gur lean na cónaitheoirí gach nós imeachta de chuid na Comhairle.
Labhair Meon Eile le Cuisle Nic Liam faoin chás seo thiar i mí Lúnasa 2024 agus bhí muid i láthair taobh amuigh den Ard-Chúirt fosta nuair a labhair Cuisle faoin phróiseas agus faoin toradh dearfach seo.
Dúirt Iris Hagan, cónaitheoir Chnoc Cois Coille a thóg an t-athbhreithniú breithiúnach:
“Tá áthas an domhain orm go bhfuil an próiseas fada seo tagtha chun dea-chríche agus faoi dheireadh, go cuirfear toil shoiléir chonáitheoirí Chnoc Cois Coille i bhfeidhm. Beagnach ceithre bliana ar aghaidh ó rinne muid an t-iarratas don chomhartha dhátheangach dár sráid, beidh ár dteanga dhúchais le feiceáil in airde ar Chnoc Cois Coille. Mar sheanmháthair le daltaí Gaeloideachais cuirfidh an comhartha seo in iúl go soiléir dóibh go bhfuil fáilte rompu, go bhfuil fáilte roimh a dteanga dhúchais agus nach gcuirfidh aon mhéid moille nó aon mhéid diúltaithe a gcuid ceart as feidhm. Is mian liom mo bhuíochas ó chroí a chur in iúl do m’fhoireann dlí, Gavin Booth ó Phoenix Law, le Jude Bunting KC, Karl McGuckin BL, mar aon le foireann Chonradh na Gaeilge a thug comhairle agus tacaíocht ollmhór dúinn ón chéad lá.”
Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga le Conradh na Gaeilge:
“Tá ról lárnach le himirt ag comhairlí áitiúla i gcosaint agus i gcur chun cinn na Gaeilge agus tá coimitmintí ar leith acu faoin dlí agus treoir idirnáisiúnta. Tá iompar Chomhairle Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Chreag Abhann le beagnach 4 bliana anuas dochosanta. Tá polasaí na Comhairle deartha chun bac ollmhór a chur roimh an Ghaeilge agus tá polasaí den chineál seo, le tairseach ollmhór, cáinte go trom ag Comhairle na hEorpa le déanaí. Agus cé gur sháraigh cónaitheoirí Chnoc Chois Coille tairseach éagothrom na Comhairle go soiléir, agus cé go raibh tromlach ollmhór ar son an chomhartha, dhiúltaigh Comhairleoirí Aontachtacha don iarratas arís agus arís eile. Léiríonn an bua seo, áfach, nach féidir linn géilleadh riamh, nach mór dúinn ár bhfód a sheasamh agus ár gceart a éileamh go soiléir agus go leanúnach. Molann muid go mór díogras, fuinneamh agus tiomantas Iris Hagan agus a teaghlach nár ghéill orlach riamh agus a chinntigh go mbeidh an Ghaeilge curtha in airde go hoifigiúil ar a sráid as seo amach.”
Dúirt Gavin Booth ó Phoenix Law:
“In Eanáir 2024 chuir muintir Hagan tús le himeachtaí cúirte i gcoinne Chomhairle Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Chreag Abhann i ndiaidh don Chomhairle a n-iarratas ar son na comharthaíochta sráide dátheangaí a dhiúltú i nDeireadh Fómhair 2023. Inniu, is cinnte gur cruthaíodh go raibh an ceart ag muintir Hagan agus ag mórthromlach chónaitheoirí Chnoc Cois Coille ón tús. Cuireann muid fáilte chroíúil roimh an scéal go mbeidh comhartha sráide nua Gaeilge-Béarla á chur in airde gan mhoill i gCnoc Cois Coille, Bóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin.”


