D’fhill Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar Bhéal Feirste ag an deireadh seachtaine den chéad uair ó bhí 1996 ann. Ba é Gearóid Ó Cairealláin, nach maireann, a bhí ina Uachtarán ag an am sin.
Is cruinniú bliantúil é an Ard-Fheis ina ndéantar cinntí maidir le todhchaí na heagraíochta, ina dtoghtar an coiste gnó agus ina mbíonn roinnt aoichainteoirí ag plé cúrsaí Gaeilge an lae inniu.
Ba é téama na hArd-Fheise i mbliana ná ‘An Ghaeilge in Éirinn Aontaithe: Éire nua a thógáil do na glúnta atá le teacht’. Rinneadh leasú stairiúil ar bhunreacht na heagraíochta chun “gníomhú ar son Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta”.
Labhair Meon Eile le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, arb as Béal Feirste é féin, ag seoladh oifigiúil an imeachta. D’inis sé dúinn faoin bhród a mhothaigh sé agus an Ard-Fheis ar ais i mBéal Feirste, go háirithe i ndiaidh an dul chun chinn suntasach atá déanta na Gaeil ó thuaidh le tamall de bhlianta. Atoghadh Ciarán ina Uachtarán ar an Chonradh ag an deireadh seachtaine.
Is cinnte go raibh ceapachán an Dr. Pól Deeds mar Choimisinéir Gaeilge ina dul chun cinn ollmhór do phobal na Gaeilge ar na mallaibh agus thug sé Aoichaint na hArd-Fheise. Mhínigh sé an tábhacht a bhaineann leis an chaidreamh atá ann idir Oifig an Choimisinéara agus Conradh na Gaeilge mar eagraíocht agus mhol sé an obair uilig a dhéanann an Conradh ar son na Gaeilge ar fud an oileáin.
Dar le Mac Giolla Bhéin, cé go raibh a lán cúiseanna ceiliúrtha ann le linn na hArd-Fheise, ní stopfaidh an obair agus an díograis atá ag pobal na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas agus tá siad réidh le brú chun tosaigh arís i ndiaidh an mhórthionóil rathúil.


