Seoladh taighde ar na mallaibh faoi Éirinn Aontaithe agus ról na Gaeilge inti. Is í Róisín Nic Liam údar an taighde agus is ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste a sheol sí é an mhí seo caite. Tá Róisín ina taighdeoir PhD faoi láthair le hOllscoil na Banríona agus bhí an taighde áirithe seo mar chuid de.
Ba é téama na hArd-Fheise i mbliana ná ‘An Ghaeilge in Éirinn Aontaithe: Éire nua a thógáil do na glúnta atá le teacht’. Rinneadh leasú stairiúil ar bhunreacht na heagraíochta chun “gníomhú ar son Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta”, le 99% dóibh siúd a bhí i láthair ag aontú leis an rún.
Bhí an seomra in Óstán an Europa i gCathair Bhéal Feirste lán go doras le cainteoirí Gaeilge as gach cearn den tír ar chéad lá na hArd-Fheise do phléphainéal ar an ábhar. Is í Clíodhna Ní Mhianáin a bhí ina Cathaoirleach ar an chomhrá agus Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, agus an léachtóir staire, an Dr. Fearghal Mac Bhloscaidh, mar chuid den phlé in éineacht le Róisín féin.
Bhí Meon Eile i láthair, áit ar labhair muid le Róisín agus Fearghal.


