Coláiste Aoidh Mhic Bhricne ag ceiliúradh 60 bliain

Coláiste Aoidh Mhic Bhricne ag ceiliúradh 60 bliain

Rinne Coláiste Aoidh Mhic Bhricne i dTeileann 60 bliain a bhunaithe a cheiliúradh ag an deireadh seachtaine.

‘Caith lá ar ais sa Ghaeltacht’ ab ea téama an cheiliúrtha inar eagraíodh sraith imeachtaí móra sa choláiste i nGaeltacht iardheisceart Thír Chonaill. D’fhill iar-scoláirí agus seanchairde an choláiste ar ais chuig an cheantar le comóradh agus ceiliúradh a dhéanamh.

“Fosclaíodh an choláiste go hoifigiúil i 1955 faoi choimirce Chomhaltas Uladh. Bhí baint stariúil ag an choláiste seo le daltaí a bheith ag teacht ó thuaidh agus tá an nasc sin iontach láidir go dtí an lá inniu.” arsa An Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, Caothaoirleach, Coláiste Aoidh Mhic Bhricne.

Dúirt Uachtarán Chomhaltas Uladh, Niall Comer go bhfuil ról an choláiste lárnach i gcothú na Gaeilge i dTeileann.

“Nuair a tchí daoine na céadta páistí ag teacht gach bliain, tchí siad luach. Ní amháin luach airgid ach tchí siad go bhfuil luach eile leis an teanga. Mothaíonn siad bród agus mórtas as a gceantar féin,” arsa Uachtarán an Chomhaltais.

“Má tá an Rialtas chun rud ar bith a dhéanamh gur chóir dóibh infheistíocht ollmhór a dhéanamh sna coláistí samhraidh. Murach na gcoláistí samhraidh, tá amhras orm go mbeadh cuid de na Gaeltachtaí beo go fóill,” a dúirt Uachtarán Chomhaltas Uladh.

Seo súil siar ar chomóradh an choláiste agus a thionchar sa cheantar Gaeltachta seo…

Coláiste Aoidh Mhic Bhricne ag ceiliúradh 60 bliain
Close
Close