Roimh an Nollag chuir muid tús lenár sraith 'Tuairimí ón Teorainn'.
Labhair muid le daoine atá ina gcónaí nó ag obair ar dhá thaobh na teorann faoin tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag Brexit orthu.
Leanfaidh muid ar aghaidh leis an tsraith i mbliana ach, an uair seo, is ag tabhairt guth do dhaltaí scoile a bheas muid.
Phléigh muid a dtuairimí ar an Bhreatimeacht agus an imní atá orthu faoin todhchaí, go háirithe agus iad ina gcónaí i gcontaetha na teorann.
An tseachtain seo, is i Scoil na Mainistreach in Iúr Cinn Trá atá muid, áit ar roinn triúr gasúr a gcuid barúlacha ar Brexit linn...