Tá an tOireachtas buailte linn!

Tá Oireachtas na Samhna buailte linn, tá áthas san aer, níl sneachta ar an talamh, ach tá réalta sa spéir…

Inniu, Dé Céadaoin 29 Deireadh Fómhair, tá tús á chur le hOireachtas na Samhna i mBéal Feirste, an chéad uair atá an fhéile bhliantúil ar siúl sa chathair ó bhí 1997 ann. Bunaíodh an tOireachtas siar in 1897 chun ardán speisialta a thabhairt don cheol, cultúr agus saol Gaelach. Freastalaíonn Gaeil as gach cearn den tír ar an fhéile bliain i ndiaidh bliana, agus i mbliana, beidh atmaisféar Gaelach glórach le mothú timpeall Bhéal Feirste.

Beidh scoth na n-imeachtaí ar siúl ón lá inniu go dtí an Domhnach agus rud inteacht d’achan uile dhuine: Ócáid Bhronnta na nGradam Cumarsáide anocht ag Halla na Cathrach, na comórtais amhránaíochta agus damhsa ar an tsean-nós, na comórtais lúibíní agus rapcheoil, ceolchoirmeacha in Óstán an Europa agus i Halla Uladh, imeachtaí teaghlaigh, seoltaí leabhair agus tuilleadh lena chois.

Beidh formhór na n-imeachtaí ar siúl in ionad an ICC agus imeachtaí eile ar siúl i Halla na Cathrach, Óstán an Europa, Halla Uladh, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, An Beehive, Halla Whitla agus Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain.

Bhuail Meon Eile le Foireann an Oireachtais i mBéal Feirste agus iad ag ullmhú don tseachtain mhór atá amach romhainn!

Is féidir breathnú ar an chlár ina iomláine anseo agus ticéid a cheannach d’imeachtaí ar leith anseo

Close
Close