Comórtas Rapcheoil do dhaoine óga

Cuireadh comórtas rapcheoil do dhaoine óga faoi 10 mbliana d’aois ar siúl ag ionad an ICC i mBéal Feirste mar chuid den fhéile mhór, Oireachtas na Samhna.

Ba é seo an chéad uair don fhéile comórtas rapcheoil a eagrú, rud ar leathnú suntasach é ar chomórtais thraidisiúnta an Oireachtais, áit a mbíonn ról lárnach ag an sean-nós i gcónaí.

Is cinnte gur am fóirsteanach é don fhorbairt seo agus tionchar Kneecap, Torby, James Shannon, Súil Amháin agus eile le brath i saol an cheoil Gaeilge.

D’fhreastail Meon Eile ar an chomórtas a bhí thar a bheith spreagúil agus sultmhar, do na hiomaitheoirí agus don lucht féachana araon. Tá an todhchaí slán agus daoine óga cumasacha mar seo ag tabhairt faoin ardán le bheith ag rapáil i nGaeilge!

Close
Close