Is traidisiún thar a bheith tábhachtach iad na lúibíní, foirm amhránaíochta ina mbíonn beirt amhránaithe ag canadh le chéile agus ag tabhairt freagraí dá chéile go magúil siamsúil. Insíonn siad scéal don lucht féachana ina mbíonn tagairtí cliste greannmhara.
Bíonn deiseanna do dhaoine de gach aois páirt a ghlacadh i gcomórtais na lúibíní san Oireachtas, ó 6 bliana d’aois ar aghaidh go dtí na daoine fásta.
Thug Meon Eile cuairt ar Chomórtas na Lúibíní dóibh siúd atá idir 14 agus 17 mbliana d’aois agus labhair muid le cuid de na hiomaitheoirí.
 
 
 


