Garsprioc Stairiúil: Gasóga Ard Mhacha – 90 bliain ar an fhód

Bunaíodh na Gasóga in Ard Mhacha sa bhliain 1933 agus dá réir sin tá siad ag ceiliúradh 90 bliain ar an fhód i mbliana.

Le ceiliúradh a dhéanamh ar an gharsprioc seo, cuireadh maidin chaife ar siúl chun airgead a bhailliú do charthanachtaí ‘PIPS’ agus ‘Mary’s Meals’ - bailíodh £1500 in aghaidh na carthanachta. Ar a bharr sin bhí mórshiúl ag na Gasóga inar ghlac gach duine san eagraíocht páirt: na páistí óga ó na ‘Beavers’, baill ó na ‘Cubs’, ‘Scouts’, ‘Ventures’ agus ‘Rovers’, chomh maith leis na ceannairí deonacha go léir.

Thug Meon Eile cuairt ar Phluais na nGasóg in Ard Mhacha agus labhair muid leis an ‘Venture Scout’, Lochlainn Ó Laifeartaigh. Tá Lochlainn ina bhall de na Gasógí ó bhí sé 6 bliana d’aois. Labhair muid fosta leis an Cheannaire Sinsireach, Danny Hagan.

Close
Close